Caingean arna tabhairt an 22 Aibreán 2024 – YL v an Chomhairle
(Cás T-224/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: YL (ionadaithe: A. Guillerme agus T. Bontinck, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
cinneadh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 30 Bealtaine 2023 gan síneadh a chur le téarma oifige an iarratasóra (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní;
a ordú don Chomhairle cúiteamh a íoc as an dochar ábhartha agus morálta a d’fhulaing an t-iarratasóir mar gheall ar an gcinneadh atá faoi chonspóid;
a ordú don chosantóir na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil cinneadh na Comhairle an 30 Bealtaine 2023 curtha ó bhail le lochtanna nós imeachta, eadhon neamhinniúlacht údar na ngníomhartha a glacadh sa phróiseas as ar eascair glacadh an chinnidh atá faoi chonspóid, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
neamhinniúlacht Bhord Bainistíochta EUIPO cinneadh an 22 Samhain 2022 a ghlacadh;
sárú ar cheart an iarratasóra éisteacht a fháil.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an Chomhairle earráidí follasacha measúnaithe agus an cinneadh atá faoi chonspóid á ghlacadh aici.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh an Chomhairle prionsabail an ionchais dhlisteanaigh agus an neamh-idirdhealaithe.
____________