Language of document :

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 9 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad – an Bhulgáir) – imeachtaí coiriúla i gcoinne M.S.S. agus páirtithe eile

(Cás C-338/23 1 , Bravchev 2 )

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Léiriú ar an dlí náisiúnta – Easpa dlínse fhollasach – Ceanglas comhthéacs dlíthiúil na díospóide sna príomhimeachtaí agus na cúiseanna go bhfuil gá le freagra ar an gceist arna dtarchur a leagan amach – Easpa sonraí leordhóthanacha – Do-ghlacthacht fhollasach)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Páirtithe sna príomhimeachtaí coiriúla

M.S.S. agus páirtithe eile

tríú páirtí: Sofiyska gradska prokuratura

An chuid oibríochtúil

Is léir nach bhfuil aon dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an ceathrú ceist arna dtarchur ag Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathrach Sóifia, an Bhulgáir), le cinneadh an 25 Bealtaine 2023, a fhreagairt.

Tá an iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (Cúirt Chathrach Sóifia, an Bhulgáir) do-ghlactha go follasach sa mhéid a bhaineann sé leis na ceisteanna eile arna dtarchur ag an mbinse sin.

____________

1 IO C 304, 28.8.2023

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.