Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 17 Aibreán 2023 – Herbaria Kräuterparadies GmbH v Freistaat Bayern

(Cás C-240/23, Herbaria Kräuterparadies)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesverwaltungsgericht

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir, achomharcóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Herbaria Kräuterparadies GmbH

Cosantóir, freagróir ar an achomharc agus freagróir ar an achomharc ar phointe dlí: Freistaat Bayern

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 33(1) de Rialachán (AE) 2018/8481 a léiriú sa chaoi go gceadaítear lógó an Aontais Eorpaigh don táirgeadh orgánach a úsáid do bhia próiseáilte, a allmhairítear isteach san Aontas Eorpach mar tháirge orgánach lena chur ar an margadh faoi choinníollacha Airteagal 45(1) den Rialachán sin, ach, toisc go bhfuil, in éineacht le táirgí plandaí, mianraí agus vitimíní nach bhfuil de thionscnamh plandaí ann, nach bhfuil ag luí leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16(1), arna léamh i gcomhar le pointe 2.2.2(f) de Chuid IV d’Iarscríbhinn II den Rialachán sin?

Sa chás go dtugtar freagra dearfach ar Cheist 1: an bhfágann Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go gceadaítear lógó an Aontais Eorpaigh don táirgeadh orgánach a úsáid do bhia próiseáilte, i gcás inar táirge de thionscnamh an Aontais Eorpaigh é agus go gcomhlíonann sé ceanglais táirgthe agus rialaithe chomhionanna de thríú tír atá aitheanta de réir Airteagal 48(1) de Rialachán 2018/848, ach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 16(1), arna léamh i gcomhar le pointe 2.2.2(f) de Chuid IV d’Iarscríbhinn II den Rialachán?

An bhfágann Airteagal 20 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh go gceadaítear, gan lógó an Aontais Eorpaigh don táirgeadh orgánach a úsáid, téarmaí a thagraíonn don táirgeadh orgánach a bheith ar bhia próiseáilte den sórt sin de thionscamh an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 30(1) de Rialachán 2018/848?

____________

1     Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO 2018 L 150, lch. 1).