Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Listan v EUIPO (Silent Loop)
(Cás T-501/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Focalmharc ‘Silent Loop’ – Dearbhfhorais le diúltú – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Easpa saintréithe – Airteagal 7(1)(b) de Rialachán 2017/1001)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Listan GmbH (Glinde, an Ghearmáin) (ionadaithe: S. Pietzcker agus C. Spintig, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, Gníomhaire)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 8 Meitheamh 2023 (Cás R 187/2023-4) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 338, 25.9.2023.