Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Izuzquiza agus páirtithe eile v an Pharlaimint

(Cás T-375/22) 1

(Rochtain ar dhoiciméid – Cosaint sonraí pearsanta – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Doiciméid a bhaineann le liúntais agus le speansais íoctha ag Feisire de Pharlaimint chomh maith le tuarastail agus liúntais a chúntóirí parlaiminte – Rochtain a dhiúltú – Eisceacht a bhaineann le saol príobháideach agus sláine an duine aonair a chosaint – Airteagal 4(1)(b) agus (6) de Rialachán Uimh. 1049/2001 – Leasanna dlisteanacha don duine lena mbaineanna chosaint – Tarchur riachtanach sonraí pearsanta ar mhaithe le leas an phobail – Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2018/1725)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Luisa Izuzquiza (Beirlín, an Ghearmáin), Arne Semsrott (Beirlín), Stefan Wehrmeyer (Beirlín) (ionadaí: J. Pobjoy, Abhcóide)

Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Lorenz agus J.-C. Puffer, Gníomhairí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 TFUE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí an cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa lena ngabhann tagairt A(2021) 10718C an 8 Aibreán 2022, lena ndiúltaítear rochtain a thabhairt dóibh ar dhoiciméid na Parlaiminte ina bhfuil faisnéis faoin gcúiteamh a fuair Ioannis Lagos agus a chúntóirí parlaiminte, ar neamhní.

An chuid oibríochtúíl

Cuirtear cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa lena ngabhann tagairt A(2021) 10718C an 8 Aibreán 2022, ar neamhní a mhéid is go ndiúltaítear leis rochtain a thabhairt do Luisa Izuzquiza agus do Arne Semsrott agus Stefan Wehrmeyer, ar an gcéad dul síos, ar dhoiciméid a bhaineann le haisíocaíochtaí speansais taistil agus liúntais chothaithe laethúla arna n-íoc ag an bparlaimint le Ioannis Lagos agus ina bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann le Ioannis Lagos agus, ar an dara dul síos, ar dhoiciméid a bhaineann le haisíocaíochtaí speansais taistil arna n-íoc ag an bparlaimint le cúntóirí parlaiminte Ioannis Lagos agus ina bhfuil sonraí pearsanta a bhaineann leis na cúntóirí sin.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear don Pharlaimint na costais a íoc.

____________

1     IO C 326, 29.8.2022.