Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (an Pholainn) an 25 Bealtaine 2023 – C.W. S.A. agus páirtithe eile v Przezes Urzędu Ochrony Konkurencji i Konsumentów

(Cás C-326/23)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Najwyższy

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: C.W. S.A. agus páirtithe eile

Cosantóir: Przezes Urzędu Ochrony Konkurencji i Konsumentów

Páirtithe eile sna himeachtaí: L. S.A.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i bhfianaise na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi go bhfuil sé de cheangal ar an gcúirt ar tugadh na himeachtaí sin os a comhair neamhaird a dhéanamh de ghníomh (iarraidh) ag páirtí arb é is aidhm dóibh, de shárú ar dhlí an Aontais agus ar bhunreacht an Bhallstáit, ceapachán breitheamh - nach bhfuil faoi réir athbhreithniú breithiúnach faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais - trí agóid a dhéanamh in aghaidh chumas an bhreithimh sin breithiúnas a thabhairt, ag féachaint don easpa nasc idir na himthosca a bhaineann leis an nós imeachta chun an breitheamh sin a cheapadh agus imthosca an cháis atá á bhreithniú agus gan aon fhíorchúis chun agóid a dhéanamh in aghaidh neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an bhreithimh sin ar bhonn imthosca seachas rialtacht an nós imeachta chun an breitheamh a cheapadh a ndéanfaidh an páirtí agóid ina choinne, lena n-áirítear iompar an bhreithimh sin tar éis a cheapacháin agus a shoghabhálacht chun tionchar a imirt ag an reachtas nó an feidhmeannas, a dhéanann, faoin dlí náisiúnta, gníomh den sórt sin ag páirtí arb ionann agus actio popularis neamh-inghlactha agus atá ina mhí-úsáid shuarach agus fhollasach ar an dlí nós imeachta náisiúnta?

An bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i bhfianaise na chéad mhíre d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le léiriú sa chaoi a chiallaíonn gur sásra éifeachtach agus leordhóthanach é chun critéir chúirte arna bunú le dlí de réir bhrí dhlí an Aontais a shásamh le haghaidh an dlí náisiúnta chun aitheantas a thabhairt don fhéidearthacht atá ag na páirtithe fíorú a iarraidh ar thionchar imthosca uile an nós imeachta ceapacháin agus iompar an bhreithimh tar éis a cheapacháin ar a neamhchlaontacht agus a neamhspleáchas sa chás atá á bhreithniú i gcomhthéacs tástála neamhchlaontachta mar a thugtar air nó iarratais ar dhícháiliú an bhreithimh?

____________