Language of document :

Achomharc arna thabhairt an 27 Aibreán 2023 ag Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 1 Márta 2023 i gCás T-540/20, Jushi Egypt for Fiberglass Industry v an Coimisiún

(Cás C-272/23 P)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Jushi Egypt for Fiberglass Industry SAE (ionadaithe: B. Servais agus V. Crochet, Dlíodóirí)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach agus Association des producteurs de fibres de verre européens (APFE)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar neamhní,

glacadh leis an gcéad, leis an tríú, agus leis an gceathrú saincheist dlí sa chaingean le haghaidh neamhniú arna tabhairt ag Jushi Egypt for Fiberglass Industry S.A.E, agus

a ordú don chosantóir agus aon idiragraí na costais a íoc, lena n-áirítear na costais arna dtabhú ag an gcéad chéim.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, dhíbh an Chúirt Ghinearálta an chaingean le haghaidh neamhniú arna tabhairt ag an achomharcóir in aghaidh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/870 1 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithchúitimh chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht frithchúitimh shealadach arna forchur ar tháirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte, agus lena ndéantar an dleacht frithchúitimh chinntitheach a thobhach ar allmhairí cláraithe táirgí de shnáithín gloine filiméadach leanúnach de thionscnamh na hÉigipte.

Mar thaca leis an achomharc seo, maíonn an t-achomharcóir ceithre fhoras achomhairc, agus is iad sin go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí:

nuair a chinn sí nár sháraigh an Coimisiún Airteagail 2(a), 2(b) agus 3(1)(a) den Bhun-Rialachán 1 nuair a chuir sí ranníocaíochtaí airgeadais arna ndéanamh ag rialtais agus comhlachtaí poiblí a raibh ceangal acu le  Rialtas Dhaon-Phoblacht na Síne i leith rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir, is é sin Rialtas Phoblacht Arabach na hÉigipte;

nuair a chinn sí nár sháraigh an Coimisiún Airteagail 4(2) agus 4(3) den Bhun-Rialachán nuair a mheas sé na ranníocaíochtaí airgeadais a cuireadh i leith Rialtas na hÉigipte a bheith sonrach;

nuair a chinn sí nár sháraigh an Coimisiún Airteagail 3(1)(a)(ii), 3(2) agus 5 den Bhun-Rialachán agus méid an tsochair arna bhronnadh ar an gcosantóir faoin scéim aisíocaíochta dleachta á ríomh; agus

nuair a mheas sí nár sháraigh an Coimisiún Airteagail 3(2) agus 4(2)(c) den Bhun-Rialachán agus é ag cinneadh gur bronnadh sochar ar an gcosantóir leis an gcóireáil chánach i leith caillteanas malairte eachtraí agus gur fóirdheontas sonrach a bhí inti sin.

Maidir leis an gcéad fhoras achomhairc, maíonn an t-achomharcóir, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nach gcuirtear as an áireamh leis an mBun-Rialachán, fiú mura dtagann an ranníocaíocht airgeadais go díreach ó rialtas na tíre tionscnaimh nó na tíre is onnmhaireoir, an fhéidearthacht an ranníocaíocht airgeadais sin a chur ina leith faoi Airteagail 2(b) agus 3(1) den Bhun-Rialachán.

Maidir leis an dara foras achomhairc, maíonn an t-achomharcóir, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí go bhfuil an stádas údaráis ag Rialtas na hÉigipte lenar deonaíodh an maoiniú fabhrach ar dheonaigh Rialtas na Síne. Ina ionad sin, bhí sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta a chinneadh gur sháraigh an Coimisiún Airteagail 4(2) agus (3) den Bhun-Rialachán ós rud é gurb iad na heintitis Síneacha a chuir na ranníocaíochtaí airgeadais ar fáil a bhí ina n-údarás deonaithe.

Maidir leis an tríú foras achomhairc, maíonn an t-achomharcóir, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí gurb é an t-aon chás inchomparáide chun a chinneadh an bhfuair an t-achomharcóir sochar ná gnóthas arna bhunú, amhail an t-achomharcóir, i gCrios Eacnamaíoch Chanáil Suaise (SCZone) a dhíolann earraí ina bhfuil ábhar ann a bhain leas as an díolúine ó dhleachtanna custaim go gnóthas arna bhunú lasmuigh den SCZone.

Maidir leis an gceathrú foras achomhairc, maíonn an t-achomharcóir, go bunúsach, go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid dlí nuair a chinn sí nár mheas an Coimisiún gur fóirdheontas a bhí sa chóireáil chánach inti féin a d’fhéadfadh a bheith ina ábhar do bheart frithchúitimh agus nár éirigh leis an iarratasóir ag an gcéad chéim fianaise a léiriú a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar na measúnaithe fíorasacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún sa rialachán cur chun feidhme atá faoi chonspóid, maidir leis an bhfíoras go ndeachaigh an chóireáil chánach chun tairbhe na ngnóthas uile le dliteanais acu in airgeadraí eachtracha.

____________

1 IO 2020 L 201, lch. 10.

1 Rialachán (EU) 2016/1037 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí ar tugadh fóirdheontas ina leith, ar allmhairí iad ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016 L 176, lch. 55).