Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Duisburg (an Ghearmáin) a taisceadh an 19 Aibreán 2023 - OB v Mercedes-Benz Group AG

(Cás C-251/23, Mercedes-Benz Group)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Duisburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: OB

Cosantóir: Mercedes-Benz Group AG

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An bhfuil feithicil paisinéirí arna cumhachtú le díosal lena mbaineann caighdeán astaíochtaí Euro 5 ar neamhréir le forálacha de dhlí an Aontais, beag beann ar cé an raibh nó nach raibh feisteas um lascadh a dhéanfar a aicmiú ar bhonn coincheapúil mar feisteas sháraithe de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán Uimh. 715/20071 suite ina chóras rialála, má tá sé soiléir ón tús, mar gheall ar a dhearadh agus ar an gcóras rialála le haghaidh na bhfeidhmeanna suite, go ndéantar, tar éis an t-inneall a bheith téamhaithe, níos mó ná 180 mg d’ocsaíd nitrigine in aghaidh an ciliméadar sa ‘mheascán’ fiú má théann sé trí tástáil NEDC mar sin?

Maidir le heilimint dearaidh i bhfeithicil lena mothaítear teocht, luas feithicle, luas innill (ISN), giar traiseolta, folús iolrúcháin nó aon pharaiméadair eile chun críocha, ag brath ar an toradh ar an mothú sin, paraiméadair an phróisis dócháin san inneall a mhodhnú, an féidir leis sin éifeachtacht an chórais rialaithe astaíochtaí, de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán Uimh. 715/2007 freisin, a laghdú agus, dá bhrí sin, a bheith ina fheiste sháraithe, de réir bhrí Airteagal 3(10) den Rialachán sin, i gcás ina ndéantar, agus paraiméadair an phróisis dócháin á modhnú de réir thoradh an mhothaithe atá déanta leis an eilimint dearaidh, astaíochtaí de shubstaint dhochrach áirithe, amhail ocsaíd nítrigin, a ardú, ar thaobh amháin, ach, san am céanna, ar an taobh eile, astaíochtaí de shubstaint dhochrach amháin eile nó níos mó, amhail cáithníní, hidreacarbóin, aonocsaíd charbóin agus/nó dé-ocsaíd charbóin, a laghdú?

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 2: Cé hiad na coinníollacha i gcás den sórt sin faoina mbeidh eilimint dearaidh ina feiste sháraithe de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán Uimh. 715/2007?

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 2: Maidir le forálacha sa dlí náisiúnta lena gcuirtear go hiomlán ar an gceannaitheoir d’fheithicil a chruthú go bhfuil ann d’fheiste sháraithe de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán Uimh. 715/2007, cé nach bhfuil ar an déantóir feithiclí faisnéis a chur ar fáil le linn fiosrúcháin chuige sin, an bhfuil siad ar neamhréir le hAirteagal 18(1), Airteagal 26(1) agus Airteagal 46 de Threoir 2007/46/CE1 dá dtagraítear i mbreithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 21 Marta 2023 (Cás C-100/21), a mhéid a leanann ó na forálacha sin nach mór ceart chun cúitimh a bheith ag ceannaitheoir d’fheithicil i gcoinne an déantóra i gcás inar suiteáladh feiste sháraithe choiscthe inti (féach míreanna 91 agus 93 den bhreithiúnas sin)?

I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 4: I gcás go dtabharfar freagra dearfach ar Cheist 6: Conas a dhéantar faoi dhlí an Aontais an dualgas cruthúnais a chomhroinnt sa díospóid idir ceannaitheoir d’fheithicil agus an déantóir i ndáil leis an gceart chun cúitimh atá ag an gceannaitheoir i gcoinne an déantóra toisc go raibh ann d’fheiste sháraithe de réir bhrí Airteagal 3(10) de Rialachán Uimh. 715/2007? An mbaineann na páirtithe faoi seach aon leas as aon mhaolú ar an dualgas cruthúnais agus, má bhaineann, céard é, nó, más iomchuí, an bhfuil aon oibleagáidí orthu agus, má tá, cé hiad? Má tá ann d’oibleagáidí: cad iad na hiarmhairtí mura gcomhlíontar iad?

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO 2007 L 171, lch. 1).

1 Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena mbunaítear réim maidir le formheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil leithleach le haghaidh feithiclí dá leithéid (Treoir Réime) (IO 2007 L 263, lch. 1).