Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administratīvā rajona tiesa (an Laitvia) a taisceadh an 15 Bealtaine 2024 – SIA ‘EUROPARK LATVIA,’ SKIDATA GmbH v Valsts ieņēmumu dienests

(Cás C-353/24, EUROPARK LATVIA agus SKIDATA)

Teanga an cháis: an Laitvis

An chúirt a rinne an tarchur

Administratīvā rajona tiesa

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: SIA ‘EUROPARK LATVIA,’ SKIDATA GmbH

Cosantóir: Valsts ieņēmumu dienests

Idiragraithe: SIA „19 points”, SIA „Ernst & Young Baltic”

Na ceisteanna a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 1(11) de Threoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 lena leagtar síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán teicniúil agus na rialachán teicniúil a léiriú sa chaoi go bhféadfar riail dlí lena gceanglaítear ar sholáthraí seirbhíse cothabhála an cód foinseach do phacáiste bogearraí cláraithe a sholáthar do chomhlacht um measúnú comhréireachta a áireamh faoin gcoincheap ‘rialacháin theicniúla,’ nach mór fógra a thabhairt don Choimisiún faoi dhréachtaí na rialachán sin i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Treoir thuasluaite? 1

An gcaithfear Airteagal 34 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chaoi go bhféadfar an ceanglas maidir leis an gcód foinseach do phacáiste bogearraí cláraithe a sholáthar do chomhlacht um measúnú comhréireachta a mheas mar bheart a bhfuil éifeacht aige atá comhionann le srian cainníochtúil ar allmhairí?

Más freagra dearfach a gheofar ar an gceist roimhe seo, an féidir an beart sin a mheas mar mhodh comhréireach chun éifeachtacht na maoirseachta fioscaí a áirithiú?

____________

1 IO 1998 L 204, lch. 37.