Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Frankfurt am Main (an Ghearmáin) a taisceadh an 26 Bealtaine 2023 - MN v Qatar Airways
(Cás C-335/23, Qatar Airways)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landgericht Frankfurt am Main
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus achomharcóir: MN
Cosantóir agus freagróir: Qatar Airways
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcaithfear Rialachán (CE) 261/20041 a léiriú sa chaoi go dtaistealaíonn an paisinéir saor in aisce faoin gcéad rogha in Airteagal 3(3) den Rialachán sin i gcás nach bhfuil air ach táillí agus cánacha eitlíochta amháin a íoc as an ticéad eitilte?
I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 1:
An gcaithfear Rialachán (CE) 261/2004 a léiriú sa chaoi nach mbaineann sé le táille atá ar fáil (go hindíreach) don phobal de réir bhrí an dara rogha in Airteagal 3(3) den Rialachán i gcás inar cuireadh an eitilt in áirithe mar chuid d’fheachtas de chuid na haeriompróra a bhí teoranta ó thaobh ama agus cainníochta de agus nach raibh ar fáil ach do ghrúpa áirithe gairmiúil?
I gcás go dtabharfar freagra diúltach ar Cheist 2 freisin agus go measfar go bhfuil Rialachán Uimh. 261/2004 infheidhme:
a) An gcaithfear Airteagal 8(1)(c) den Rialachán a léiriú sa chaoi nach mór nasc ama a bheith ann idir an chéad eitilt a cuireadh in áirithe agus ar ceal agus an t-athródú inmhianaithe ar dháta níos déanaí?
b) Conas ba chóir an nasc ama sin, más iomchuí, a shainiú?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO 2004 L 46, lch. 1).