Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal da Concorrência, Regulação e Supervisão (an Phortaingéil) an 24 Aibreán 2023 — SIBS-Sociedade Gestora de Participações Sociais SA agus páirtithe eile v Autoridade da Concorrência

(Cás C-260/23, SIBS — Sociedade Gestora de Participações Sociais agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal da Concorrência, Regulação e Supervisão

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: SIBS-Sociedade Gestora de Participações Sociais SA; SIBS, Cartões — Produção e Processamento de Cartões SA; SIBS Processos — Serviços Interbancários de Processamento SA; SIBS International SA; SIBS Pagamentos SA; SIBS Gest SA; SIBS Forward Payment Solutions SA; SIBS MB SA

Cosantóir: Autoridade da Concorrência

Na ceisteanna a tharchuirtear

I.    An ionann “cumarsáidí”, chun críocha Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus na taifid ghnó, atá i gceist sa chás seo, arna seoladh trí ríomhphost?

II.    An gcuirtear cosc le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar urghabháil taifead gnó, atá mar thoradh ar chumarsáid a rinneadh idir bainisteoirí agus fostaithe i gcuideachtaí trí ríomhphost, nuair atá fiosrú á dhéanamh ar chomhaontuithe agus cleachtais arna dtoirmeasc de bhun Airteagal 102 CFAE (roimhe seo Airteagal 82 CCE)?

III.    An gcuirtear cosc le hAirteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ar urghabháil taifead gnó den sórt sin, ar bhonn údarú roimh ré ó údarás breithiúnach, sa chás seo, an tIonchúisitheoir Poiblí, ar a bhfuil sé de dhualgas ionadaíocht a dhéanamh ar an Stát, na leasanna arna gcinneadh le dlí a chosaint, ionchúisimh choiriúla a dhéanamh ar bhonn phrionsabal na dlíthiúlachta agus an dlíthiúlacht dhaonlathach a chosaint i gcomhréir leis an méid a leagtar síos sa Bhunreacht agus a ghníomhaíonn go neamhspleách ar na húdaráis eile den rialtas lárnach, réigiúnach agus áitiúil?

____________