Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2023 – W. L. Gore & Associates v EUIPO – Angiokard med. Spritzguß (Cardioflow)
(Cás T-1146/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: W. L. Gore & Associates Inc. (Newark, Delaware, Stáit Aontaithe) (ionadaithe: C. Tenkhoff agus T. Herzog, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Angiokard med. Spritzguß GmbH (Friedeburg, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh Cardioflow – Iarratas ar chlárú Uimh. 18115661
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 27 Meán Fómhair 2023 i gCás R 739/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc, lena n-áirítear costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________