Achomharc arna thabhairt an 16 Samhain 2023 ag Cayago Tec GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Chéad Dlísheomra) a fógraíodh an 6 Meán Fómhair 2023 i gCás T-377/22, Cayago Tec v EUIPO – iAqua (Shenzhen)
(Cás C-700/23 P)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Achomharcóir: Cayago Tec GmbH (ionadaí: J. Güell Serra, abogado)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus iAqua (Shenzhen) Ltd
Le hordú an 5 Márta 2024, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh don achomharcóir a chostais féin a íoc.
____________