Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – Sandhold v EUIPO – Grupo de Bodegas Vinartis (PATAPOUF)
(Cás T-540/23) 1
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh PATAPOUF – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe PATA NEGRA – Foras coibhneasta le diúltú – Riosca mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sandhold BV (Leiden, an Ísiltír) (ionadaí: A. Spiegeler, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: M. Eberl, Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Grupo de Bodegas Vinartis, SA (Maidrid, an Spáinn)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 1 Meitheamh 2023 (Cás R 2553/2022-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C C/2023/223, 23/10/2023.