Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 22 Aibreán 2024 - M. B. v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

(Cás C-277/24, Adjak) 1

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M. B.

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagail 205 agus 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, 1 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2 de Chonradh an Aontais Eorpaigh (an smacht reachta, urraim do chearta an duine), agus le hAirteagail 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ceart chun maoine), 41 (an ceart chun dea-riaracháin) agus 47 (an ceart chun leigheas éifeachtach agus an ceart chun triail chóir a fháil) chomh maith leis na prionsabail seo a leanas a ráthaítear le dlí an Aontais Eorpaigh: prionsabal na comhréireachta, an ceart chun triail chóir a fháil agus cearta na cosanta, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta agus ar chleachtas náisiúnta dá réir faoina gceiltear ar dhuine nádúrtha (is comhalta de bhord stiúrthóirí duine dhlíthiúil), atá inchurtha faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith oibleagáidí CBL an duine dhlíthiúil ó thaobh lán a chuid sócmhainní príobháideacha de, an ceart chun páirt ghníomhach a ghlacadh in imeachtaí trína bhféachtar a bhunú an bhfuil nó nach bhfuil an duine dlíthiúil sin faoin dliteanas cánach thuasluaite i bhfoirm cinneadh críochnaitheach ón údarás cánach, fad, mar chuid d’imeachtaí ar leith, trína bhféachtar a bhunú go bhfuil an duine nádúrtha lena mbaineann faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith oibleagáidí CBL an duine dhlíthiúil, a chuirtear an duine sin ó chumas iomchuí na cinntí agus na measúnaithe arna ndéanamh níos luaithe a chur faoi chonspóid maidir le cé acu agus cé mhéid dliteanas cánach a bheith ag duine dlíthiúil – rud a leagtar amach i gcinneadh críochnaitheach ó údarás cánach arna dhéanamh roimh ré gan páirt a ghlacadh ann ag an duine sin – dá bhrí gur dochrach an cinneadh sin sna himeachtaí sin de réir foráil náisiúnta a dearbhaíodh trí chleachtas náisiúnta?

____________

1     Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1     IO 2006, L 347, lch. 1.