Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sofiyski gradski sad (an Bhulgáir) arna taisceadh an 12 Aibreán 2023 – Imeachtaí coiriúla i gcoinne SS, IP, ZI, DD, HYA

(Cás C-229/23, HYA agus páirtithe eile)

Teanga an chais: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Sofiyski gradski sad

Pairtithe sna príomhimeachtaí

SS, IP, ZI, DD, HYA

An cheist a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 15(1) de Threoir 2002/581 , arna léamh i gcomhar leis an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt [um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”], arna léiriú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i mbreithiúnas an 16 Feabhra 2023 i gCás C-349/212 agus i bhfianaise aithris 11 den Treoir sin, Airteagal 52(1) agus Airteagal 53 den Chairt agus phrionsabal na coibhéise, a léiriú sa chaoi go gcuirtear ceangal ar chúirt náisiúnta:

–    gan forálacha den dlí náisiúnta (Airteagal 121(4) den [Konstitutsia na Republika Bulgaria (Bunreacht Phoblacht na Bulgáire)], Airteagal 174(4) den [Nakazatelnoprotsesualen kodeks (Cód um Nós Imeachta Coiriúil, ‘NPK’)] agus Airteagal 15(2) den [Zakon za spetsialnite razusnavatelni sredstva (Dlí maidir le Modhann Imscrúduithe Speisialta, ‘ZSRS’)] agus an léiriú ar Airteagal 8(2) den [Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, ‘ECHR’)] arna ghlacadh ag an [gCúirt Eorpach um Chearta an Duine] sa bhreithiúnas i gCás Uimh. 70078/12, ar dá réir nach mór ráiteas soiléir ar na cúiseanna i scríbhinn a bheith le húdarú breithiúnach (chun éisteacht le teileachumarsáidí nó iad a idircheapadh agus a stóráil gan toil na n-úsáideoirí lena mbaineann), bíodh ann d’iarratas réasúnaithe ar a bhfuil an t-údarú arna eisiúint bunaithe nó ná bíodh, a chur i bhfeidhm, agus an chúis gan sin a chur i bhfeidhm ná gur léir, ó thras-léamh an iarratais agus an údaraithe, (1) na sonraí beachta a bhí ag an gcúirt, sna himthosca fíorasacha agus dlí den chás ar leith, chun teacht den tuairim gur comhlíonadh na ceanglais dlí, agus (2) an duine agus an meán cumarsáide is ábhar don údarú breithiúnach arna eisiúint;

–    agus measúnú a dhéanamh i leith an gcaithfear na teileachumarsáidí faoi cheist a eisiaimh mar fhianaise, gan foráil den dlí náisiúnta (Airteagal 105(2) de NPK) a chur i bhfeidhm nó í a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, a mhéid is go gceanglaítear léi na rialacha nós imeachta náisiúnta a chomhlíonadh (sa chás seo, Airteagal 174(4) de NPK agus Airteagal 15(2) de ZSRS), agus an riail arna leagan síos ag an gCúirt Bhreithiúnais i mbreithiúnas an 16 Feabhra 2023 i gCás C-349/21 a chur i bhfeidhm ina ionad sin?

____________

1 Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO 2002 L 201, lch. 37).

1 ECLI:EU:C:2023:102.