Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Brașov (an Rómáin) a taisceadh an 11 Aibreán 2023 – Imeachtaí coiriúla in aghaidh L.D.

(Cás C-223/23, Redu1 )

Teanga an cháis: an Rómáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Curtea de Apel Brașov

Páirtí sna príomhimeachtaí

L.D.

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá Airteagal 2 CAE, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus Airteagal 4(3) CAE, arna léamh  i gcomhar le haithrisí 2, 15 agus 22 agus le hAirteagal 11(4) de Threoir 2006/126/CE 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána, ó thaobh oibleagáid an Bhallstáit gach beart is iomchuí agus is gá a dhéanamh chun an cuspóir maidir le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú a bhaint amach, i gcomhthéacs shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas Eorpach, agus i gcur i bhfeidhm Chinneadh 2006/928/CE2 ón gCoimisiún, i dtaca leis an abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú mar chosc ar staid dhlíthiúil, amhail an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí ina n-iarrann an t-iarratasóir ciontaithe, trí achomhairc urghnách, ciontú coiriúil críochnaitheach a chur ar neamhní i gcion feithiclí a bhfuil ceadúnas tiomána fionraithe, rud a chuirfeadh ar a chumas a cheart tiomána arís a fheidhmiú, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil saoirse aige gluaiseacht ar fud an Aontais Eorpaigh, ag brath ar chur i bhfeidhm phrionsabal an dlí choiriúil níos boige, a bheadh infheidhme le linn na bpríomhimeachtaí agus lena bhforáiltear do thréimhse teorann níos giorra a bheadh dulta in éag sular  tugadh i gcrích an cás, ach a tugadh faoi deara ina dhiaidh, le cinneadh ón gCúirt bhunreachtúil náisiúnta a dhearbhaigh go raibh reachtaíocht maidir leis an tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh (cinneadh 2022), míbhunreachtúil ar an bhforas gur mhainnigh an reachtas gníomhú chun an reachtaíocht i gceist a chur in oiriúint do chinneadh eile ón gcúirt bhunreachtúil chéanna, eisithe ceithre bliana roimh an gcinneadh deireanach sin (cinneadh 2018) – agus idir an dá linn bhí cásdlí na ngnáthchúirteanna a chuir an chéad chinneadh i bhfeidhm socair sa chiall gur lean an reachtaíocht atá i gceist de bheith ann, san fhoirm a comhaontaíodh tar éis an chéad chinnidh ón gcúirt bhunreachtúil, agus an iarmhairt phraiticiúil leis an tréimhse teorann do gach cion nár tugadh ciontú críochnaitheach ina leith sular tugadh an chéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil a laghdú faoina leath agus gur scoireadh de na himeachtaí coiriúla i gcoinne [an cosantóir] atá i gceist dá bhrí sin?

An gá Airteagal 2 CAE maidir le luachanna an smachta reachta agus urraim do chearta an duine i sochaí ceartais agus in Airteagal 4 [(3)] CAE maidir le prionsabal an chomhair dhílis idir an tAontas agus na Ballstáit, agus Cinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún á chur i bhfeidhm maidir leis an ngealltanas éifeachtacht chóras breithiúnach na Rómáine a áirithiú, i bhfianaise na habairte deiridh d’Airteagal 49(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cumhdaítear prionsabal an dlí choiriúil níos boige, a léiriú, i ndáil leis an gcóras breithiúnach náisiúnta ina iomláine, a mhéid a chuirtear cosc ar staid dhlíthiúil amhail an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí ina n-iarrann an t-iarratasóir ciontaithe, trí achomhairc urghnách, ciontú coiriúil críochnaitheach a chur ar neamhní i gcion feithiclí a bhfuil ceadúnas tiomána fionraithe, rud a chuirfeadh ar a chumas a cheart tiomána arís a fheidhmiú, rud a thabharfadh le tuiscint go bhfuil saoirse aige gluaiseacht ar fud an Aontais Eorpaigh, ag brath ar chur i bhfeidhm phrionsabal an dlí choiriúil níos boige, a bheadh infheidhme le linn na bpríomhimeachtaí agus lena bhforáiltear do thréimhse teorann níos giorra a bheadh dulta in éag sular  tugadh i gcrích an cás, ach a tugadh faoi deara ina dhiaidh, le cinneadh ón gCúirt bhunreachtúil náisiúnta a dhearbhaigh go raibh reachtaíocht maidir leis an tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh (cinneadh 2022), míbhunreachtúil ar an bhforas gur mhainnigh an reachtas gníomhú chun an reachtaíocht i gceist a chur in oiriúint do chinneadh eile ón gcúirt bhunreachtúil chéanna, eisithe ceithre bliana roimh an gcinneadh deireanach sin (cinneadh 2018) – agus idir an dá linn bhí cásdlí na ngnáthchúirteanna a chuir an chéad chinneadh i bhfeidhm socair sa chiall gur lean an reachtaíocht atá i gceist de bheith ann, san fhoirm a comhaontaíodh tar éis an chéad chinnidh ón gcúirt bhunreachtúil, agus an iarmhairt phraiticiúil leis an tréimhse teorann do gach cion nár tugadh ciontú críochnaitheach ina leith sular tugadh an chéad chinneadh ón gcúirt bhunreachtúil a laghdú faoina leath agus gur scoireadh de na himeachtaí coiriúla i gcoinne [an cosantóir] atá i gceist dá bhrí sin?

Más amhlaidh atá, agus sa chás sin amháin nach féidir léiriú atá comhsheasmhach le dlí an Aontais a thabhairt, an gá prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú mar chosc ar an reachtaíocht náisiúnta nó ar an gcleachtas náisiúnta faoina bhfuil gnáthchúirteanna náisiúnta faoi cheangal ag cinntí ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta agus ag cinntí ceangailteacha ón gcúirt uachtarach náisiúnta agus, ar an gcúis sin agus ar an mbaol cion araíonachta a dhéanamh, an cásdlí sin a dhífheidhmiú ex officio de thoradh na gcinntí sin, fiú má mheasann siad, i bhfianaise breithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais, go bhfuil an cásdlí sin i gcoinbhleacht go príomha le hAirteagal 2 CAE, leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE agus le hAirteagal 4(3) CAE, arna léamh i gcomhar le haithrisí (2), (15) (22) agus Airteagal 11(4) de Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána, a mhéid a cheanglaítear ar an mBallstát gach beart is iomchuí agus is gá a ghlacadh chun an cuspóir maidir le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú a bhaint amach, i gcomhar le Cinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún, i dtaca leis an abairt dheireanach d’Airteagal 49[(1)] den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh amhail mar atá sna príomhimeachtaí?

____________

1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 IO 2006 L 403, lch. 18.

1 Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (IO 2006 L 354, L. 56).