Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato (an Iodáil) a taisceadh an 13 Aibreán 2023 – Paolo Beltrami SpA v Comune di Milano

(Cás C-235/23 Paolo Beltrami)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Consiglio di Stato

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir: Paolo Beltrami S.p.A.

Freagróir: Comune di Milano

An cheist a tharchuirtear

An gcuirtear cosc le hAirteagail 16, 49, 50 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 4 de Phrótacal 7 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR), Airteagal 6 CAE agus prionsabail na comhréireachta, na hiomaíochta, na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos in Airteagail 49, 50, 54 agus 56 CFAE ar fhoráil den dlí náisiúnta (mar atá in Airteagal 75 decreto legislativo n. 163 del 2006 (Foraithne Reachtach Uimh. 163 de 2006) lena ndéantar foráil maidir le pionós forghéillte an urrúis sealadaí a fhorchur, mar iarmhairt uathoibríoch ar oibreoir eacnamaíoch a eisiamh ó nós imeachta chun conradh seirbhíse poiblí a dhámhachtain, beag beann freisin ar na himthosca go bhfuil sé nó nach bhfuil sé mar thoradh ar an dhámhachtain féin?

____________