Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Аdministrativen sad Haskovo (an Bhulgáir) a taisceadh an 13 Meitheamh 2023 – VU v Teritorialna direktsia Mitnitsa Burgas kam Agentsia ‘Mitnitsi’

(Cás C-372/23, Teritorialna direktsia Mitnitsa Burgas)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Аdministrativen sad Haskovo

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: VU

Cosantóir: Teritorialna direktsia Mitnitsa Burgas kam Agentsia ‘Mitnitsi’

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcaithfear Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 42(1) den Rialachán sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar riail náisiúnta amhail an ceann a leagtar síos in Airteagal 233(1) den Zakon za mitnitsite (Dlí Custaim; “ZM”), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 den Zakon za administrativnite narushenia i nakazania (an Dlí maidir le cionta riaracháin agus pionóis riaracháin; “ZANN”), lena bhforáiltear do phionós a fhorchur ar shmuigleáil nach ndearnadh d’aon ghnó i gcásanna ina ndearnadh cion custaim trí easpa díchill a mhéid nár cloíodh leis an bhfoirm dhearbhaithe a cheanglaítear le haghaidh earraí arna n-iompar thar theorainn náisiúnta? Maidir le dlí náisiúnta lena gceadaítear an cion a aicmiú mar shmuigleáil chustaim arna ndéanamh trí fhaillí, an bhfuil dlí den sórt sin dleathach, nó an bhfuil sé riachtanach go mbeidh rún ann, mar chuid de shmuigleáil chustaim?

An gcaithfear Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar riail náisiúnta amhail an riail a leagtar síos in Airteagal 233(1) de ZM, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7 de ZANN, faoina bhfuil an chéad chion faoin gceannteideal “smuigleáil”, cibé acu an ndearnadh é d’aon ghnó nó trí fhaillí, inphionóis le pionós den chineál céanna agus den mhéid céanna, eadhon fíneáil idir 100% agus 200% de luach custaim na maoine a bhí i gceist sa chion?

An gcaithfear Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 a léiriú sa chaoi go gcuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 233(6) de ZM, lena bhforáiltear, mar phionós riaracháin breise, do choigistiú (baint chun tairbhe don Stát) na n-earraí nó na maoine a bhí i gceist sa chion agus nach bhfuil toirmeasc ar sheilbh na nithe sin? An bhfuil coigistiú na nithe a bhí i gceist sa chion dleathach sna cásanna sin inar le duine eile seachas an ciontóir iad na sócmhainní coigistithe?

An gcaithfear Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 49(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go bhfuil riail náisiúnta amhail Airteagal 233(6) de ZM, lena bhforáiltear, chomh maith le fíneálacha, do phionós breise, coigistiú (baint chun tairbhe don Stát) earraí nó maoine a bhí i gceist sa chion agus nach bhfuil cosc ar sheilbh a bheith orthu, neamhdhleathach sna cásanna seo a leanas de bhrí gur sárú pionósach as cuimse atá ann ar an gceart chun maoine, nach bhfuil ag teacht leis an gcuspóir dlisteanach arna shaothrú: go ginearálta, sna cásanna gur leis an gciontóir, mar ní a bhí i gceist sa chion, é an tsócmhainn choigistithe, agus sna cásanna inarb é tríú páirtí nach é an ciontóir é is úinéir di, agus go háirithe sna cásanna sin nach ndearna an ciontóir an cion d’aon ghnó ach trí fhaillí?

An gcaithfear Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi nach mór d’údaráis a dhéanann rialuithe custaim forálacha an Chóid Eorpaigh um dhea-iompraíocht Riaracháin a chomhlíonadh, go háirithe Airteagail 6 go 10 den Chód sin, agus go bhfuil riail náisiúnta amhail an riail a leagtar síos in Airteagal 233(1) de ZM, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(2) de ZANN, neamhdhleathach, ar riail í lena bhforáiltear go bhféadfar pionóis as iompar d’aon ghnó a chur ar dhaoine a rinne sárú foirmiúil agus faillitheach ar an dlí custaim agus go bhféadfar a ordú ní a bhí i gceist sa chion a choigistiú chun tairbhe don Stát faoi Airteagal 233(6) de ZM, gan treoracha a bheith faighte roimh ré ag an duine a ghníomhaigh gan dícheall cuí conas déanamh de réir an dlí agus conas na doiciméid le haghaidh iompar earraí trasna teorainn sheachtrach de chuid an Aontais Eorpaigh a líonadh de réir mar a fhoráiltear le dlí?

____________

1 IO 2013 L 269, lch. 1.