Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 10 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék - an Ungáir) – Lear Corporation Hungary Autóipari Gyártó Kft. v Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
(Cás C-532/23 1 , Lear Corporation Hungary)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte – Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí – Cánachas – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 183 – An ceart chun CBL ionchuir a asbhaint – Nósanna imeachta –Fiach a aisíoc go déanach – Moill mar gheall ar fhoráil náisiúnta a chur i bhfeidhm – Éifeacht bhreithiúnais arna thabhairt ag an gCúirt faoin nós imeachta um réamhrialú tar éis na bhfíoras sin – Ús mainneachtana – Tréimhse teorann – Prionsabail an chomhionannais, na héifeachtúlachta agus na neodrachta fioscaí)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Lear Corporation Hungary Autóipari Gyártó Kft.
Cosantóir: Nemzeti Adó- és Vámhivatal Fellebbviteli Igazgatósága
An chuid oibríochtúíl
Maidir le hAirteagal 183 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha,
ní mór léiriú a dhéanamh, i bhfianaise phrionsabail an chomhionannais, na héifeachtúlachta agus na neodrachta fioscaí, mar seo a leanas:
i gcás go n-éilíonn an duine inchánach aisíocaíocht cánach breisluacha (CBL) nach raibh inghnóthaithe roimhe sin mar gheall ar chur i bhfeidhm choinníll dhlíthiúil inar rialaigh an Chúirt gur sháraigh sé an Airteagal sin, ní chuirtear cosc leis, de réir na gcoinníollacha a leagtar síos le dlí an Bhallstáit lena mbaineann, go bhféadfaí a mheas go n-áirítear freisin leis an iarratas ar aisíocaíocht sin iarratas ar ús mainneachtana a íoc, i bhfianaise chuspóra na híocaíochta úis ar bhreis CBL arna choinneáil siar ag Ballstát ina shárú ar rialacha dhlí an Aontais, a bhíonn de ghnáth mar chúiteamh ar na caillteanais airgeadais a ghintear, chun dochar an duine inchánach, mar gheall ar neamh-infhaighteacht na suimeanna lena mbaineann.
Maidir le prionsabail na héifeachtúlachta agus na neodrachta fioscaí,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
ní chuirtear cosc leo ar chleachtais de chuid Ballstáit arb é atá ann ná aon oibleagáid atá ar riarachán cánach an Stáit sin a eisiamh, ag céim d’iarratas ar ús mainneachtana a íoc, arna thíolacadh laistigh den tréimhse teorann, a bhaineann le méideanna CBL arna gcoinneáil siar ag an Stát sin ina shárú ar dhlí an Aontais, ús nach gcumhdaítear leis an iarratas sin, ach mar mhalairt air sin, a gcuireann cosc ar an riarachán sin, le hiarmhairt go bhfuil tréimhse teorann i gceist leis, an dara hiarratas ar ús mainneachtana a íoc a aicmiú mar nua, a thagraíonn do thréimhse nárbh ábhar é don chéad iarratas sin, sa chás go mbaineann an dara hiarratas le hús mainneachtana a bhaineann le méideanna CBL a choinníodh siar mar gheall ar an sárú céanna ar dhlí an Aontais agus iad siúd a spreag an chéad iarratas agus nach raibh an duine inchánach ar an eolas faoin bhféidearthacht raon feidhme ama an iarratais sin a leathnú go dtí gur glacadh le cinneadh breithiúnach náisiúnta tar éis chinneadh na Cúirte a tugadh i bhfeidhmiú a hinniúlachta faoi Airteagal 267 CFAE.
Maidir le prionsabail na héifeachtúlachta agus na neodrachta fioscaí,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
tugtar le fios leo, de réir na dtéarmaí atá faoi gach Ballstát a chinneadh i bhfianaise a dhlí náisiúnta, go mba cheart an dara hiarratas ar ús mainneachtana a íoc, ina luaitear tréimhse nárbh ábhar é don chéad iarraidh sin, a mheas mar fhorlíonadh ar an gcéad iarratas sin, sa chás go mbaineann an dara hiarratas le hús mainneachtana a bhaineann le méideanna CBL a coinníodh siar mar gheall ar an sárú céanna ar dhlí an Aontais agus iad siúd a spreag an chéad iarratas agus nach raibh an duine inchánach ar an eolas faoin bhféidearthacht raon feidhme ama an iarratais sin a leathnú go dtí gur glacadh le cinneadh breithiúnach náisiúnta tar éis chinneadh na Cúirte a tugadh i bhfeidhmiú a hinniúlachta faoi Airteagal 267 CFAE.
____________
1 IO C, C/2023/1127.