Caingean arna tabhairt an 25 Márta 2024 – Rat Pack Filmproduktion v EUIPO – RatPac Entertainment (RATPAC)
(Cás T-163/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Rat Pack Filmproduktion GmbH (München, an Ghearmáin) (ionadaithe: S. Schmidt agus P. Baronikians, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: RatPac Entertainment LLC (Burbank, California, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an bhfocalmharc ‘RATPAC’ – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach Uimh. 1 336 518
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 24 Eanáir i gCás R 877/2023-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________