Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó rechtbank Den Haag, zittingsplaats Roermond (an Ísiltír) a taisceadh an 4 Meitheamh 2024 – C v Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

(Cás C-387/24, Bouskoura 1 )

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Rechtbank Den Haag, zittingsplaats Roermond

Páirtithe sna himeachtaí

Iarratasóir: C

Cosantóir: Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid

An cheist a tharchuirtear:

An bhfuil Airteagal 15(2)(b) de Threoir 2008/115 1 , Airteagal 9(3) de Threoir 2013/33 2 , agus Airteagal 28(4) de Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 3 , i gcomhar le hAirteagail 6 agus 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh le léiriú sa chaoi go bhfuil sé d’oibleagáid ar an údarás breithiúnach i gcónaí an duine atá á choinneáil a scaoileadh saor láithreach má bhí nó má tá an choinneáil neamhdhleathach tráth ar bith le linn chur i bhfeidhm gan bhriseadh sraith beart coinneála leantacha?

____________

1 Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

1 Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO 2008 L 348, lch. 98).

1 Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO 2013 L 180, lch. 96).

1 Rialachán (AE) Uimh. 604/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena mbunaítear na critéir agus na sásraí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 31).