Language of document :

Ordú ó Uachtarán na Cúirte Ginearálta an 19 Iúil 2023 – Mazepin v an Chomhairle

(Cás T-743/22 R II)

(Faoiseamh eatramhach – An Comhbheartas Eachtrach agus Slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí na Rúise lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo cistí – Iarratas ar bhearta eatramhacha – Fumus boni juris – Práinn – Leasanna a chothromú)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Nikita Dmitrievich Mazepin (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, T. Marembert agus A. Bass, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: J. Rurarz agus P. Mahnič, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean atá bunaithe ar Airteagail 278 agus 279 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, sa chéad áit, go gcuirfí ar fionraí forfheidhmiú Chinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75I, lch. 134), Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75I, lch. 16), agus Gníomh ón gComhairle an 14 Márta 2023 lena gcoimeádtar a ainm ar an liosta de dhaoine, d’eintitis agus de chomhlachtaí ar a dhírítear leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16) arna leasú, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6) arna leasú, a mhéid a chuirtear bac air, leis na gníomhartha sin, caibidlíocht a dhéanamh maidir lena earcú mar thiománaí proifisiúnta Fhoirmle 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais mhótarspóirt eile a chuirtear ar bun freisin nó amháin ar chríoch an Aontais Eorpaigh chomh maith le bheith rannpháirteach i Grands Prix, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora Fhoirmle 1 agus i gcraobhchomórtais mhótarspóirt eile, rásanna, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora a chuirtear ar bun ar chríoch an Aontais agus, sa dara háit, go mbronntar air aon bhearta eatramhacha oiriúnacha lena gceadófaí dó caibidlíocht a dhéanamh maidir lena earcú mar thiománaí proifisiúnta Fhoirmle 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais mhótarspóirt eile a chuirtear ar bun freisin nó amháin ar chríoch an Aontais, a bheith earcaithe mar thiománaí ag na foirne atá rannpháirteach sna craobhchomórtais atá i gceist agus na cearta a bhaineann leis an earcú sin a fheidhmiú agus na hoibleagáidí a bhaineann leis a chomhlíonadh, lena n-áirítear a bheith rannpháirteach i Grands Prix, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora Fhoirmle 1 agus i gcraobhchomórtais eile, rásanna, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora a chuirtear ar bun ar chríoch an Aontais.

An chuid oibríochtúil

Cuirfear ar fionraí forfheidhmiú Chinneadh (CBES) 2022/1530 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1529 ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, agus forfheidhmiú Ghníomh ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2022 lena gcoimeádtar ainm Nikita Dmitrievich Mazepin ar an liosta de dhaoine, d’eintitis agus de chomhlachtaí ar a dhírítear leis na bearta sriantacha dá bhforáiltear le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú, agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 maidir le bearta sriantacha a bhaineann le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, arna leasú, a mhéid a choimeádtar ainm Mazepin ar an liosta de dhaoine, d’eintitis agus de chomhlachtaí ar a dhírítear leis na bearta sriantacha sin agus a mhéid, amháin, a bhfuil sé riachtanach chun a cheadú dó caibidlíocht a dhéanamh maidir lena earcú mar thiománaí proifisiúnta Fhoirmle 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais mhótarspóirt eile a chuirtear ar bun freisin nó amháin ar chríoch an Aontais Eorpaigh, chomh maith le bheith rannpháirteach i Grands Prix, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora Fhoirmle 1 agus i gcraobhchomórtais, rásanna, trialacha, seisiúin traenála agus seisiúin saora mhótarspóirt eile a chuirtear ar bun ar chríoch an Aontais. Chuige sin, ní cheadaítear do Mazepin ach, sa chéad áit, dul isteach i gcríoch an Aontais d’fhonn caibidlíocht agus comhaontuithe a dhéanamh le foireann rásaíochta nó le hurraitheoirí nach bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí Dmitry Arkadievich Mazepin ná le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil a n-ainmneacha ar na liostaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Cinneadh 2014/145 agus Rialachán Uimh. 269/2014, sa dara háit, dul isteach i gcríoch an Aontais d’fhonn a bheith rannpháirteach mar phríomhthiománaí nó tiománaí ionadach i gcraobhchomórtais Fhoirmle 1 den Fédération internationale de l’automobile (FIA) (an Chónaidhm Idirnáisiúnta Gluaisteán) nó i gcraobhchomórtais eile, i seisiúin traenála, i dtrialacha nó i seisiúin saora, chomh maith le d’fhonn athnuachan a dhéanamh ar a Shárcheadúnas, sa tríú háit, dul isteach i gcríoch an Aontais chun dul faoi réir na scrúduithe leighis a fhorchuireann FIA nó a fhoireann rásaíochta, sa cheathrú háit, dul isteach san Aontas Eorpach chun cláir seiceálacha leighis agus seisiún oiliúna a leanúint (lena n-áirítear ar ionsamhlóir), sa chúigiú háit dul isteach i gcríoch an Aontais chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí rásaíochta, urraíochta agus poiblíochta arna iarraidh sin ag a fhoireann rásaíochta nó a urraitheoirí, sa séú háit, cuntas bainc a oscailt inar féidir tuarastal, préimheanna, liúntais dá fhoireann rásaíochta agus ranníocaíochtaí airgeadais ó urraitheoirí ar ghlac a fhoireann leo a íoc leis agus, sa seachtú háit, an cuntas bainc agus cárta creidmheasa a úsáid chun táillí a chlúdach lena gceadaítear do thiománaí proifisiúnta a bheith ag taisteal ar chríoch an Aontais, caibidlíocht agus comhaontuithe a dhéanamh le foireann rásaíochta nó le hurraitheoirí agus a bheith rannpháirteach i gcraobhchomórtais, Grands Prix, rásanna, seisiúin traenála, trialacha nó seisiúin saora i mBallstáit an Aontais amháin. agus clár seiceálacha leighis agus seisiún oiliúna a leanúint.

I gcás ina n-earcófar é mar thiománaí Fhoirmle 1 nó mar thiománaí i gcraobhchomórtais mhótarspóirt eile a chuirtear ar bun freisin nó amháin ar chríoch an Aontais, ní mór do Mazepin gealltanas a thabhairt go mbeidh sé ag rásaíocht faoi bhratach neodrach agus gealltanas na dtiománaithe chuige sin a shíniú, mar a éilíonn FIA.

Cealaítear Ordú an 5 Aibreán 2023, Mazepinan Chomhairle (T-743/22 R II).

Forchoimeádtar na costais.

____________