Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Tríú Dlísheomra) an 11 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de lo Mercantil n.o 1 de Palma de Mallorca – an Spáinn) – Eventmedia Soluciones SL v Air Europa Líneas Aéreas SAU

(Cás C-173/23, 1 Air Europa Líneas Aéreas)

(Tarchur chun réamhrialú – Aeriompar – Coinbhinsiún Montréal – Airteagal 19 – Cúiteamh i leith damáiste mar gheall ar mhoill ar iompar bagáiste – Éileamh an phaisinéara i gcoinne an aeriompróra a aistriú go cuideachta tráchtála – Clásal conarthach lena gcuirtear cosc ar a leithéid d’aistriú – Treoir 93/13/CE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagail 6(1) agus 7(1) – Rialú ex officio ar chineál éagórach an chlásail lena gcuirtear cosc ar aistriú chearta na bpaisinéirí – Socruithe an rialaithe sin mar chuid de dhíospóid idir an chuideachta is aistrí agus an t-aeriompróir – Prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta – Prionsabal na sáraíochta)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado de lo Mercantil n.o 1 de Palma de Mallorca

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Eventmedia Soluciones SL

Cosantóir: Air Europa Líneas Aéreas SAU

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna léamh in éineacht le phrionsabal na héifeachtachta,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní cheanglaítear ar an gcúirt náisiúnta rialú ex officio a dhéanamh ar an gcineál éagórach a d’fhéadfadh a bheith ar chlásal sa chonradh iompair arna thabhairt i gcrích idir aerphaisinéirí agus aeriompróir, lena gcuirtear toirmeasc ar an bpaisinéir na cearta atá ag an bpaisinéir sin i gcoinne an iompróra sin a aistriú, i gcás ina bhfuil caingean os comhair na cúirte sin maidir le cúiteamh i leith damáiste arna tabhairt, i gcoinne an iompróra sin, ag cuideachta tráchtála is aistrí an éilimh ar dhamáistí de chuid an phaisinéara sin, a mhéid a bhfuil an cineál éagórach a d’fhéadfadh a bheith ar an gclásal i gceist inagartha go héifeachtach ag an gcuideachta sin os comhair na cúirte sin.

Ní mór léiriú a dhéanamh ar phrionsabal na coibhéise mar seo a leanas:

i gcás, de réir na rialacha dlí náisiúnta, ina bhfuil sé de cheart nó d’oibleagáid ag an gcúirt sin measúnú a dhéanamh ex officio ar chontrárthacht a leithéide de chlásal do na rialacha náisiúnta beartais phoiblí, caithfidh sé a bheith de cheart nó d’oibleagáid aici measúnú a dhéanamh ex officio ar chontrárthacht a leithéide de chlásal d’Airteagal 6 de Threoir 93/13, a mhéid a bhfuil na fíricí nó pointí dlí is gá chuige sin aici.

Ní mór léiriú a dhéanamh ar phrionsabal na sáraíochta mar seo a leanas:

i gcás ina gcinneann an chúirt náisiúnta ex officio gurb éagórach clásal i gconradh iompair arna thabhairt i gcrích idir aerphaisinéirí agus aeriompróir i gcomhthéacs caingne os comhair na cúirte sin maidir le cúiteamh i leith damáiste arna tabhairt, i gcoinne an iompróra sin, ag cuideachta tráchtála is aistrí an éilimh ar dhamáistí de chuid an phaisinéara sin, ní cheanglaítear ar an gcúirt á chur in iúl don phaisinéir nó fiafraí de an bhfuil nó nach bhfuil sé i gceist aige cineál éagórach an chlásail sin a agairt nó an nglacann nó nach nglacann sé lena chur i bhfeidhm. Os a choinne sin, ní mór don chúirt sin á chur in iúl do na páirtithe sna himeachtaí atá ag feitheamh os a chomhair, le déanamh gur féidir leo a gcuid argóintí faoi seach a áitiú mar chuid de dhíospóireacht sáraíochta agus le háirithiú gur mian leis an gcuideachta tráchtála go ndearbhófaí nach bhfuil feidhm ag an gclásal sin.

____________

1 IO C 223, 26.6.2023.