Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an 29 Aibreán 2024 – Nestlé Sverige AB v Miljönämnden i Helsingborgs kommun
(Cás C-315/24, Nestlé Sverige)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Högsta förvaltningsdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Nestlé Sverige AB
Cosantóir: Miljönämnden i Helsingborgs kommun
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An féidir faisnéis maidir le luach fuinnimh táirge agus méideanna na gcothaitheach difriúil atá ann, a sholáthraítear in aon áit eile seachas sa dhearbhú cothúcháin, a bheith ina léiriú breise ar airíonna agus saintréithe an táirge, dá dtagraítear in Airteagal 5(2)(g) de Rialachán 2016/128 1 ?
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1, an gcuirtear cosc le hAirteagal 6(2), lena dtoirmisctear athrá ar lipéadú na faisnéise sa dhearbhú cothúcháin éigeantach, an léiriú, i dtuairisc faoi Airteagal 5(2)(g), ar fhaisnéis maidir leis an luach fuinnimh agus méideanna na gcothaitheach difriúil, má chuirtear an fhaisnéis sin in iúl ar bhealach seachas in aghaidh an 100 g nó in aghaidh an 100 ml?
____________
1 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/128 ón gCoimisiún an 25 Meán Fómhair 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais shonracha maidir le comhdhéanamh agus faisnéis le haghaidh bia chun críoch speisialta míochaine (IO 2016 L 25, lch. 30).