Caingean arna tabhairt an 9 Meán Fómhair 2023 – Jopp – Pol Eksport-Import Ryszard Jopp – Krzystof JoppvEUIPO
(Cás T-554/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Pholainnis
Páirtithe
Iarratasóir: Przedsiębiorstwo produkcyjno uslugowo handlowe Jopp – Pol Eksport-Import Ryszard Jopp – Krzystof Jopp (Ryczywół, an Pholainn) (ionadaí : A. Korbela, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc : SmarTT sp. z o.o. (Kobielice, an Pholainn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist : an t-iarratasóir
Dearadh atá faoi cheist : Dearadh Comhphobail do chosa troscáin – Dearadh Comhphobail Uimh. 3 844 620-0001
Nós imeachta os comhair EUIPO: imeachtaí maidir le neamhbhailíocht
An cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Meitheamh 2023 i gcás R 367/2022-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Meitheamh 2023 i gCás R 367/2022-3 a chur ar neamhní, cinneadh lena gcuirtear RCD 003844620-0001 ar neamhní;
an Cinneadh (arna thabhairt roimh an gCinneadh thuasluaite) ó Rannán Cealúcháin EUIPO an 12 Eanáir 2022, arna thabhairt i gCás ICD 114 423, cinneadh lenar cuireadh an Dearadh Comhphobail Uimh. 3 844 620-0001 thuasluaite ar neamhní;
an scrúdú ar an iarratas an 4 Nollaig 2022, arna taisceadh ag SmarTT sp. z o.o. maidir le clárú ar dearadh Comhphobail RCD 003844620-0001 a chur ar neamhní, a tharchur ar ais chuig EUIPO;
EUIPO a chur faoi cheangal na bearta is gá a dhéanamh chun an oibleagáid a eascraíonn as Airteagal 61(6) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail a chomhlíonadh, lena n-áirítear:
sainmhíniú ceart a dhéanamh ar choincheap an “úsáideora eolaigh” ar féidir leis a bheith ina dhuine gairmiúil nó ina thomhaltóir, ach nach duine é sin nach gceannaíonn riamh na táirgí ar a gcuirtear an dearadh atá faoi réir cosanta i bhfeidhm agus ar a n-úsáidtear é;
gan fabhar a thabhairt d’eintitis atá i mbun cleachtais tráchtála éagóracha;
gan nochtadh ábhair dhícháilithe nach gceadaíonn a cháilíocht é a chur i gcomparáid leis an dearadh Comhphobail lena mbaineann a úsáid mar fhianaise;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí
sárú ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ina leagtar béim air gurb é cuspóir a bhunaithe “iomaíocht chóir” a urramú;
sárú ar Airteagal 3(a) agus (c), Airteagal 4(2)(a) agus (b), Airteagal 4(3), Airteagal 5(1), Airteagal 7(1), Airteagal 25(1)(b) i gcomhar le hAirteagal 6(1), Airteagal 59, Airteagal 62, Airteagal 65 agus Airteagal 68 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.
____________