Iarraidh ar réamhrialú ó Handelsgericht Wien (an Ostair) a taisceadh an 24 Bealtaine 2023 - DocLX Travel Events GmbH v Bundesarbeitskammer
(Cás C-320/23, Bundesarbeitskammer)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Handelsgericht Wien
Páirtithe sna himeachtaí
Achomharcóir: DocLX Travel Events GmbH
Freagróir: Bundesarbeitskammer
Na ceisteanna a tharchuirtear:
De bhun Airteagal 267 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déantar na ceisteanna seo a leanas maidir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2015/2302 1 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh:
An gcaithfear oiriúnacht na táille scortha, agus méid na táille scortha dá réir sin, a scrúdú i dtaca leis an tráth a rinneadh tairiscint an eagraí, nuair a cuireadh an conradh taistil láneagraithe i gcrích, nuair a rinne an taistealaí dearbhú scoir, nuair a bhí deireadh le teacht leis an turas láneagraithe, nó am éigin eile?
An gcaithfear oiriúnacht na táille scortha, agus méid na táille scortha dá réir sin, a scrúdú ar bhonn ríomh atá ceart ó thaobh cúrsaí tráchtála agus eacnamaíocha de nó ar bhonn critéir eile amhail, mar shampla, meastachán caighdeánaithe bunaithe ar chéatadán de phraghas an phacáiste?
An gcaithfear an fhoráil sin a léiriú sa chiall, i gcás ina bhfuil an táille scoir a comhaontaíodh sa chonradh taistil láneagraithe ar leibhéal míréasúnta ard, go gcoimeádann an t-eagraí a cheart chun táille réasúnta scoir a íoc (mar a chinnfear leis na freagraí ar Cheisteanna 1 agus 2) nó an gcaithfear an táille sin a ríomh go sonrach ar bhonn an mhíbhuntáiste iarbhír don eagraí, nó an gcailleann an t-eagraí an ceart sin amach is amach?
An bhféadfaí, chun críocha oiriúnacht na táille scoir a mheas, go háirithe i gcás inar comhaontaíodh an táille sin ar bhonn caighdeánaithe, an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm, a mhéid is féidir leis an gcúirt méid éilimh a chinneadh ar a rogha féin, má mheastar go mbeidh costas as cuimse ag baint leis na himeachtaí?
____________
1 Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal lánáirithe agus socruithe taistil nasctha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO 2015 L 326, lch. 1).