Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 16 Márta 2022 – Nowhere v EUIPO – Ye (APE TEES)

(Cás T-281/21) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh — Imeachtaí freasúra — Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh APE TEES — Marcanna fíortha náisiúnta níos luaithe neamhchláraithe ina léirítear moncaí — Foras coibhneasta le diúltú — Airteagal 8(4) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois: Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001] — Córas na caingne faoin dlí coiteann maidir le bréagthairiscint (action for passing off) — Comhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as Euratom)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Nowhere Co. Ltd, (Tóiceo, an tSeapáin) (ionadaí: R. Kunze, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Hanf, i gcáil Gníomhaire,)

Páirtí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Junguo Ye (Elche, an Spáinn)

Maidir le:

Caingean arna tabhairt i gcoinne cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Feabhra 2021 (Cás R 2474/2017 - 2), maidir le himeachtaí freasúra idir Nowhere Co. agus an tUasal Ye.

An chuid oibríochtúil

1)    Cuirtear cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 10 Feabhra 2021 (Cás R 2474/2017 - 2) ar neamhní.

2)    Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

3)    Ordaítear do EUIPO na costais a íoc.

____________

1     IO C 289 an 19.7.2021.