Achomharc arna thabhairt an 1 Bealtaine 2023 ag Canai Technology Co. Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 1 Márta 2023 i gCás T-25/22, Canai Technology v EUIPO – Trend Fin (HE&ME)
(Cás C-280/23 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: Canai Technology Co. Ltd (ionadaithe: J. F. Gallego Jiménez E. Sanz Valls, P. Bauzá Martínez agus Y. Hernández Viñes, abogados)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, Trend Fin BV
Le hordú an 17 Iúil 2023, chinn an Chúirt Bhreithiúnais (an Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus gur cheart go n-íocfadh Canai Technology Co. Ltd a chostais féin.
____________