Language of document :

Ceartúchán ar an bhfógra san Iris Oifigiúil i gCás T-1098/23

(‘Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh’ IO C, C/2024/1102, 5.2.2024 lch. 1)

Is ceart an fógra san Iris Oifigiúil i gCás T-1098/23, Khudaynatov v an Chomhairle a léamh mar seo a leanas:

Caingean arna tabhairt an 23 Samhain 2023 – Khudaynatov v an Chomhairle

(Cás T-1098/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Eduard Yurevich Khudaynatov (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, D. Rovetta agus M. Moretto, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 a chur ar neamhní, sa mhéid a chinntear ann go mbeidh Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2022/883 an 3 Meitheamh, 2022 tar éis ainm an iarratasóra a chur san áireamh san iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145, infheidhme go dtí an 15 Márta 2024;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 a neamhniú a mhéid a choimeádann sé ainm an iarratasóra ar an liosta atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 269/2014 an 17 Márta 2014;

a dhearbhú, mar mhalairt air sin, go bhfuil an critéar um chuimsiú dá bhforáiltear in Airteagal 1(1)(e) agus Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES, agus in Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) 2014/269 arna leasú faoi seach le Cinneadh (CBES) 2023/1094 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha bearta i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán (AE) 2023/1089 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintar an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine i nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin mar go ndírítear ar dhaoine gnó atá ag feidhmiú sa Rúis nó ar dhaoine gnó, ar dhaoine dlítheanacha, ar eintitis nó ar chomhlachtaí a bhfuil baint acu le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shubstaintiúil ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise, atá freagrach as ionghabháil le Crimé agus díchobhsú na hÚcráine.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú na hoibleagáide cúiseanna a lua agus an chirt chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach mheasúnaithe i dtaobh na gcúiseanna a thug an Chomhairle, agus go háirithe maidir leis na critéir ainmniúcháin a cuireadh i bhfeidhm ar an iarratasóir agus maidir le cineál na mbeart a glacadh.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha an iarratasóra.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun éisteachta.’

____________