Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Nollaig 2023 – Enedo v EUIPO – Enedis (Enedo RESHAPING ELECTRICITY)

(Cás T-1144/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Enedo Oyj (Vantaa, an Fhionlainn) (ionadaithe: H.-M. Elo agus E. Hodge, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Enedis (Páras, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh Enedo RESHAPING ELECTRICITY — Iarratas ar chlárú Uimh. 18159736

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Meán Fómhair 2023 i gCás R 191/2023-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus diúltú don fhreasúra;

a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc agus na Cúirte Ginearálta a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________