Language of document :

Caingean arna tabhairt an 2 Aibreán 2024 – Novis v an Coimisiún

(Cás T-179/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Novis Insurance Company, Novis Versicherungsgesellschaft, Novis Compagnia di Assicurazioni, Novis Poisťovňa a.s. (an Bhratasláiv, an tSlóvaic) (ionadaithe: A. Börner agus S. Henrich, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

–    tuairim fhoirmiúil C(2022)6455 final arna glacadh ag an gcosantóir dar dáta an 13 Meán Fómhair (‘an gníomh atá faoi chonspóid’) a chur ar neamhní, agus

–    a ordú don chosantóir costais iomláine na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart an iarratasaóra chun éisteacht a fháil de bhun Airteagal 41(2)(a) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) toisc gur mhainnigh an cosantóir cead a thabhairt don iarratasóir éisteacht a fháil sula nglacfar an gníomh atá faoi chonspóid.

Toisc gur choimeád an cosantóir an gníomh atá faoi chonspóid agus a ullmhú faoi rún ón iarratasóir, níor cuireadh in iúl don iarratasóir agus níor tugadh an deis dó eolas a chur ar bhunfhíorais agus ar bhunfhaisnéis agus mar mhalairt níor tháinig sé ar an eolas ach faoin ngníomh atá faoi chonspoid a ghlac an cosantóir ó phreaseisiúint an chosantóra an 13 Meán Fómhair 2022, arb ionann é agus sárú ar cheart an iarratasóra chun éisteacht a fháil de bhun Airteagal 41(2)(a) den Chairt.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart an iarratasóra rochtain a fháil ar chomhaid an chosantóra de bhun Airteagal 41(2)(b) den Chairt.

Toisc gur choimeád an cosantóir an gníomh atá faoi chonspóid agus a ullmhú faoi rún ón iarratasóir, chuir an cosantóir cosc ar rochtain an iarratasóra ar chomhaid a bhain leis an iarratasóir arb ionann é agus sárú ar cheart bunúsach an iarratasóra rochtain a fháil ar chomhaid mar a ráthaítear le hAirteagal 41(2)(b) den Chairt.

An triú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart an iarratasóra chun nós imeachta riaracháin cóir, lena n-áirítear cearta rannpháirtíochta an iarratasóra de bhun Airteagal 41(1) agus (2) den Chairt, agus feidhmiú cóir na gcumhachtaí lánroghnacha.

Toisc gur choimeád an cosantóir an gníomh atá faoi chonspóid agus a ullmhú faoi rún ón iarratasóir, mhainnigh an cosantóir seasamh le bunphrionsabail na nósanna imeachta riaracháin córa, lena n-áirítear cearta rannpháirtíochta an iarratasóra, agus feidhmiú cóir na gcumhachtaí lánroghnacha arb ionann é agus sárú ar an gceart chun cóir neamhchlaonta, go háirithe an dualgas cúraim le linn cinntí riaracháin a ullmhú, Airteagal 41(1) den Chairt. Bhunaigh an cosantóir a ghníomh atá faoi chonspóid go heisiach ar an bhfaisnéis a chuir an t-údarás inniúil náisiúnta, Národná Banka Slovenska (‘an t-údarás inniúil náisiúnta), agus An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (‘ÚEÁPC’), ar fáil. Bheadh ​​fíorthábhacht ag baint le fíorú a dhéanamh ar fhaisnéis a fuair ÚEÁPC agus/nó ag an údarás inniúil náisiúnta maidir le hiarmhairtí eiseacha an ghnímh atá faoi chonspóid don iarratasóir.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar cheart an iarratasóra chun leigheas éifeachtach agus chun trialach córa de bhun Airteagal 47(1) den Chairt.

Toisc gur choimeád an cosantóir an gníomh atá faoi chonspóid agus a ullmhú faoi rún ón iarratasóir, bhain an cosantóir an bonn go neamhdhleathach de roghanna an iarratasóra maidir lena cheart bunúsach chun éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar chomhaid mar atá cumhdaithe in Airteagal 41(2)(a) agus (b) den Chairt a fheidhmiú. Sáraíonn an cosantóir ag an am céanna ceart bunúsach an iarratasóra chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil a ráthaítear in Airteagal 47 den Chairt.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 toisc gur mhainnigh an cosantóir na fíorais ábhartha ar ar a mbonn a rinneadh an gníomh atá faoi chonspóid a imscrúdú, a shuíomh agus a mheas go leordhóthanach.

Foráiltear le hAirteagal 17(3), (4) agus (7) de Rialachán Uimh. 1094/2010 do phróiseas indíreach trí-chiseal, le freagrachtaí ÚEÁPC, an chosantóra agus an údaráis inniúil náisiúnta atá scoilte, forluiteach agus fiú dúbláilte idir na trí chomhlacht. In ainneoin tásca soiléire ar an riosca méadaithe míchumarsáide agus earráidí agus iarmhairtí tromchúiseacha an ghnímh atá faoi chonspóid, níor éirigh leis an gcosantóir imscrúdú ceart a dhéanamh.

An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur mí-úsáid cumhachtaí é an gníomh atá faoi chonspóid trí theorainneacha bunúsacha a chumhachtaí faoi Airteagal 17 de Rialachán Uimh. 1094/2010 a shárú.

Trí chinneadh de facto le treoir shonrach a eisiúint go comhfhiosach don údarás inniúil náisiúnta chun ceadúnas gnóthas sonrach a chúlghairm [in ionad dul ar aghaidh le cinneadh ó ÚEÁPC faoi Airteagal 17(6) de Rialachán Uimh. 1094/2010 nó nós imeachta faoi Airteagal 258 CFAE], thug an cosantóir neamhaird go comhfhiosach nach mbeidh tuairimí foirmiúla ina gceangal faoi Airteagal 288(5) CFAE agus sháraigh sé go hábhartha teorainneacha bunúsacha a chumhachtaí faoi Airteagal 17 de Rialachán Uimh. 1094/2010. Is ionann é sin agus mí-úsáid cumhachta faoi dhlí an Aontais.

____________

1 Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO 2010 L 331, lch. 48).