Achomharc arna thabhairt an 19 Meán Fómhair 2023 ag Cunsorziu di i Salamaghji Corsi - Consortium des Charcutiers Corses agus páirtithe eile i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a tugadh an 12 Iúil 2023 i gCás T-34/22
(Cás C-579/23 P)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóirí: Cunsorziu di i Salamaghji Corsi - Consortium des Charcutiers Corses agus páirtithe eile (ionadaithe: T. de Haan, avocat, agus V. Le Meur-Baudry, avocate)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
Breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh (an Dara Dlísheomra Méadaithe) an 12 Iúil 2023 i gcás T-34/22 a chur ar ceal,
an Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1879 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2021 lena ndiúltaítear do thrí hiarratas ar chosaint ainm mar thásc geografach i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 (“Rialachán STFC-TGFC”) [“Jambon sec de l’Île de Beauté” (TGFC), “Lonzo de l’Île de Beauté” (TGFC), “Coppa de l’Île de Beauté” (TGFC)] a chur ar neamhní,
Ordú a thabhairt don Choimisiún Eorpach, de bhreis ar a chostais féin, na costais a thabhaíonn na hachomharcóirí a bhaineann leis na himeachtaí céadchéime i gcás T-34/22 agus iad siúd a bhaineann leis an achomharc a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Sárú ar Airteagail 7 agus 13 den Rialachán STFC-TGFC, sa mhéid gur cheadaigh an Chúirt Ghinearálta don Choimisiún iarratas ar chlárú a dhiúltú ar bhonn Airteagal 13.
Sárú ar Airteagail 49, 50 agus 52 den Rialachán STFC-TGFC sa mhéid gur thug an Chúirt Ghinearálta údarás don Choimisiún a chumhachtaí a shárú.
Sárú ar Airteagal 50 den Rialachán STFC-TGFC chomh maith le prionsabal ginearálta an dea-riaracháin, sa mhéid gur chinn an Chúirt Ghinearálta nach gceanglaítear ar an gCoimisiún an fhaisnéis uile sa chomhad a chur san áireamh agus go raibh sé i dteideal gan measúnuithe na n-údarás náisiúnta agus an Conseil d’État (an Chomhairle Stáit, an Fhrainc) a chur san áireamh.
Sárú ar Airteagail 7 agus 13 den Rialachán STFC-TGFC agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua i gcomhthéacs a mheasúnaithe.
____________
1 Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an 21 Samhain 2012, maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (IO 2012, L 343, lch. 1)