Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy w Białymstoku (an Pholainn) a taisceadh an 10 Márta 2023 – XL v Sąd Rejonowy w Białymstoku

(Cás C-146/23, Sąd Rejonowy w Białymstoku)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Rejonowy w Białymstoku

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: XL

Cosantóir: Sąd Rejonowy w Białymstoku

An cheist a tharchuirtear:

An gcaithfear Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ina sainítear na luachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe maidir le hurraim don smacht reachta, agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, lena gceanglaítear ar na Ballstáit cosaint dlí éifeachtach a áirithiú, atá bunaithe ar an gceart chun rochtain a fháil ar bhinse neamhspleách neamhchlaonta, a léiriú sa chaoi go gcoisctear, le prionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh, reachtaíocht náisiúnta lena ndéantar, d’fhonn caiteachas buiséadach a theorannú, maolú ar shásra chun tuarastal breithiúna a shocrú ar bhonn critéar oibiachtúil atá neamhspleách ar chur isteach treallach de pháirt na n-údarás feidhmiúcháin agus reachtach, leis an toradh go mbíonn laghdú marthanach ar leibhéal tuarastail na mbreithiúna, rud a sháraíonn na ráthaíochtaí bunreachtúla lena n-áirithítear luach saothair do bhreithiúna atá i gcomhréir le dínit a n-oifige agus le raon feidhme a ndualgas agus lena ráthaítear gur cúirteanna neamhspleácha agus breithiúna neamhspleácha a dhéanfaidh an ceartas a riar?

____________