Iarraidh ar réamhrialú ón Vrhovno sodišče Republike Slovenije (an tSlóivéin) a taisceadh an 9 Márta 2023 – KUBERA, trgovanje s hrano in pijačo, d.o.o. v Poblacht na Slóivéine
(Cás C-144/23 KUBERA)
Teanga an cháis: an tSlóivéinis
An chúirt a rinne an tarchur
Vrhovno sodišče Republike Slovenije
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: KUBERA, trgovanje s hrano in pijačo, d.o.o.
Cosantóir: Poblacht na Slóivéine
Na ceisteanna a tharchuirtear
An gcuirtear cosc leis an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE ar fhoráil de Zakon o pravdnem postopku (Cód an Nós Imeachta Shibhialta) in imeachtaí a bhaineann le cead a thabhairt chun achomhairc a dhéanamh ar phointe dlí (revizija), faoi nach ndéanann an Vrhovno sodišče (an Chúirt Uachtarach, an tSlóivéin) measúnú i dtaobh an bhfuil oibleagáid ann ceist a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le haghaidh réamhrialú de bharr na hiarrata ar réamhrialú arna thíolacadh ag páirtí chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh?
I gcás freagra dearfach ar an gcéad cheist:
An gá Airteagal 47 den Chairt, a bhaineann leis an gceanglas cúiseanna a lua ar a bhfuil cinntí breithiúnacha bunaithe, a léiriú sa chiall gur “cinneadh breithiúnach” é cinneadh nós imeachta lena ndiúltaítear iarratas páirtí ar chead chun achomharc a dhéanamh ar phointe dlí (revizija) faoin gCód Nós Imeachta Sibhialta agus nach mór na cúiseanna a lua cén fáth nár cheart iarratas an pháirtí go ndéanfaí tarchur chun réamhrialú chuig Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a dheonú sa chás atá i gceist?
____________