Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 12 Nollaig 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Consiglio di Stato – an Iodáil) – Hera Luce Srl v Comune di Trieste, City Green Light Srl, Edison Next Government Srl
(Cás C-407/23 1 , Hera Luce)
(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Ceanglas chun comhthéacs fíorasach agus reachtach na díospóide a chur i láthair sna príomhimeachtaí agus na cúiseanna lena dtugtar údar leis an ngá atá le freagra a thabhairt ar an gceist a tarchuireadh chun réamhrialú – Easpa sonraí leordhóthanacha – Do-ghlacthacht fhollasach)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Consiglio di Stato
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Hera Luce Srl
Cosantóirí: Comune di Trieste, City Green Light Srl, Edison Next Government Srl
An chuid oibríochtúil
Tá an iarraidh ar réamhrialú a rinne Consiglio di Stato (an Chomhairle Stáit, an Iodáil), a rinneadh le cinneadh an an 7 Meitheamh 2023, do-ghlactha go follasach.
____________
1 Dáta taiscthe: 03/07/2023.