Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšším správním soudem (Poblacht na Seice) a taisceadh an 11 Eanáir 2024 – NOVIS Insurance Company, NOVIS Versicherungsgesellschaft, NOVIS Compagnia di Assicurazioni, NOVIS Poisťovňa a.s. v Česká národní banka

(Cás C-18/24, NOVIS)

Teanga an cháis: an tSeicis

An chúirt a rinne an tarchur

Nejvyšší správní soud

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: NOVIS Insurance Company, NOVIS Versicherungsgesellschaft, NOVIS Compagnia di Assicurazioni, NOVIS Poisťovňa a.s.

Cosantóir: Česká národní banka

Na ceisteanna a tharchuirtear

Maidir le hAirteagal 155 de Threoir 2009/138/CE 1 (Sócmhainneacht II), an bhfuil léiriú le déanamh amhail go mbaineann sé le cásanna ina ndéanann údarás maoirseachta an Stáit óstaigh maoirseacht ar cé acu na hoibleagáidí a leagtar amach i Rialachán 1286/2014 2 (PRIIPanna) agus/nó i dTreoir 2016/97 3 (IDD) a bheith á gcomhlíonadh ag gnóthas árachais i mBallstáit eile?

Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, an amhlaidh faoi Airteagal 155 de Threoir Shócmhainneacht II go bhfuil cumhachtaí sáraitheacha ag údarás maoirseachta an Bhallstáit baile agus go gceanglaítear air gan na nósanna imeachta um fhógairt nó ceartaitheacha faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal sin den Treoir a fhágáil gan triail ar dtús, fiú i gcás ina bhforchuirtear pionóis riaracháin de réir bhrí mhíreanna 5 agus 6 den Airteagal sin den Treoir chomh maith?

____________

1 Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus gabháil don ghnó sin (Sócmhainneacht II) (IO 2009 L 335, lch. 1).

1 Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le doiciméid um fhaisnéis bhunriachtanach do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (IO 2014 L 352, lch. 1).

1 Treoir (AE) Uimh. 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO 2016 L 26, lch. 19).