Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Iúil 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

(Cás C-452/22)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: L. Malferrari, E. Manhaeve, U. Małecka, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Polainne

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún ar an gCúirt:

a dhearbhú, trí mhainneachtain na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá a ghlacadh chun Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach a chomhlíonadh, 1 nó, in aon chás, trí mhainneachtain na bearta sin a chur in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh Poblacht na Polainne i gcomhlíonadh a hoibleagáidí faoin Treoir sin;

a ordú do Phoblacht na Polainne cnapshuim EUR 13 180.50 in aghaidh an lae a íoc leis an gCoimisiún, le cnapshuim íosta EUR 3 270 000;

má leanann an mhainneachtain oibleagáidí a chomhlíonadh i (1) thuas ar aghaidh go dtí an dáta a thugtar an breithiúnas sa chás seo, a ordú do Phoblacht na Polainne íocaíocht phionósach thréimhsiúil EUR 59 290.50 a íoc leis an gCoimisiún do gach lá ón dáta a tugadh an breithiúnas sa chás seo go dtí go gcomhlíonfaidh sí a hoibleagáidí faoin Treoir, agus

a ordú do Phoblacht na Polainne na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Le Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle bunaítear creat rialála don earnáil teileachumarsáide. Is é an teorainn ama chun an Treoir a thrasuí an 21 Nollaig 2020.

D’eisigh an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil do Phoblacht na Polainne an 3 Feabhra 2021. An 23 Meán Fómhair 2021, d’eisigh an Coimisiún cinneadh réasúnaithe do Phoblacht na Polainne. D’ainneoin sin, níl bearta trasuite glactha ag Poblacht na Polainne go fóill nó, in aon chás, níor cuireadh in iúl don Choimisiún iad.

____________

1 IO 2018 L 321, lch. 36.