Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Symvoulio tis Epikrateias (an Ghréig) an 22 Eanáir 2024 – Emporiki Serron AE – Emporias kai Diathesis Agrotikon Proionton v Ypourgos Anaptyxis kai Ependyseon, Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon

(Cás C-42/24, Emporiki Serron – Emporias kai Diathesis Agrotikon Proionton)

Teanga an cháis: an Ghréigis

An chúirt a rinne an tarchur

Symvoulio tis Epikrateias

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Emporiki Serron AE – Emporias kai Diathesis Agrotikon Proionton

Cosantóirí: Ypourgos Anaptyxis kai Ependyseon, Ypourgos Agrotikis Anaptyxis kai Trofimon

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)    An bhfuil foráil náisiúnta amhail Airteagal 103 de Dhlí Uimh. 2362/1995, lena leagtar síos ní hamháin tréimhse teorann cúig bliana chun íocaíochtaí míchuí arna ndéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha a ghnóthú, tar éis gnímh nó neamhghníomh ar a bpáirt a bhfuil, nó ar dóigh go mbeidh, d’éifeacht aige dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta na gComhphobal nó buiséid atá á mbainistiú acu, ach lena socraítear freisin an dies a quo den tréimhse sin nuair a shuítear gur gnóthaíodh an chabhair go héagórach nó go neamhdhleathach, seachas ag an tráth a ndearnadh an neamhrialtacht comhoiriúnach le forálacha Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 2988/95 1 agus le prionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla?

2)    I gcás ina leagtar síos, de bhun Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 2988/95, tréimhse teorann atá níos faide ná an tréimhse teorann ceithre bliana atá leagtha síos in Airteagal 3(1) den Rialachán sin, an bhfuil forálacha na fomhíre deiridh d’Airteagal 3(1) le léiriú mar thréimhse teorann uasta ocht mbliana chun cabhair a íocadh go héagórach nó go neamhdhleathach a ghnóthú ón tráth a rinneadh an neamhrialtacht, nó mar thréimhse teorann uasta atá dhá oiread chomh fada leis an tréimhse is faide a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta?

3)    Más freagra dearfach atá ar an gcéad cheist agus gurb é an freagra ar an dara ceist ná go bhfuil an fhomhír dheireanach d’Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95 le léiriú sa chaoi a chiallaíonn go leagtar síos leis tréimhse teorann uasta atá dhá uair chomh fada leis an tréimhse teorann is faide a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta, tagann an cheist chun cinn freisin, ag glacadh leis go leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta tréimhse teorann níos faide ná an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) de Rialachán Uimh. 2988/95 agus go socraítear leis, ag an am céanna, pointe tosaigh chun an tréimhse sin a ríomh tráth a aimsítear an neamhrialtacht, cibé acu an rithfidh an tréimhse teorann ó fhorghníomhú an neamhrialtacht nó ó thángthas ar an neamhrialtacht?

____________

1 Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO 1995 L 312, lch. 1).