Language of document : ECLI:EU:C:2022:168

Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra)

8 Márta 2022 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Oibrithe a phostú – Treoir 2014/67/AE – Airteagal 20 – Pionóis – Comhréireacht – Éifeacht dhíreach – Prionsabal fhorlámhas dhlí an Aontais Eorpaigh)

I gCás C-205/20,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Landesverwaltungsgericht Steiermark (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, Steiermark, an Ostair), trí bhreith an 27 Aibreán 2020, a fuarthas ag an gCúirt an 8 Bealtaine 2020, sna himeachtaí idir

NE

agus

Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld,

Páirtí leasmhar:

Finanzpolizei Team 91,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán, A. Prechal, E. Regan, S. Rodin, I. Jarukaitis, N. Jääskinen agus I. Ziemele, Uachtaráin Dlísheomra, J.‑C. Bonichot, T. von Danwitz, M. Safjan, N. Piçarra, L.S. Rossi, A. Kumin agus N. Wahl, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Bobek,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll agus C. Leeb, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Seice, ag M. Smolek, J. Vláčil agus J. Pavliš, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

–        an Coimisiún Eorpach, ag B. R. Killmann agus L. Malferrari, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 23 Meán Fómhair 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léirmhíniú ar Airteagal 20 de Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forghníomhú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí chóras faisnéise an mhargaidh inmheánaigh (“Rialachán FMI”) (IO 2014 L 159, lch. 11).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir NE agus Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (údarás riaracháin cheantar Hartberg-Fürstenfeld, an Ostair) maidir leis an bhfíneáil a gearradh air mar gheall ar sháruithe éagsúla ar fhorálacha dhlí saothair na hOstaire.

 An dlí lena mbaineann

 Treoir 2014/67

3        Foráiltear le hAirteagal 20 de Threoir 2014/67:

“Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear na forálacha sin i bhfeidhm agus go gcomhlíonfar iad. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin 18 Meitheamh 2016 ar a dhéanaí. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill maidir le haon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.” 

[aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na hOstaire

4        Foráiltear le hAirteagal 52(1) agus (2) den Verwaltungsgerichtsverfahrensgesetz (an Dlí maidir leis an nós imeachta um dhlíthíocht riaracháin, BGBl I, 33/2013), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí, mar a leanas:

“1. In aon bhreithiúnas ón gcúirt riaracháin lena ndeimhnítear cinneadh lena bhforchuirtear pionós i leith cion riaracháin, socróidh an chúirt ranníocaíocht i leith na gcostas nach mór d’údar an chiona atá á chur faoi phionós a íoc.

2.      Tá an ranníocaíocht seo socraithe, i gcúrsaí nós imeachta achomhairc, ag 20 % den phionós arna fhorchur, le híos-tairseach deich euro áfach; i gcás inar pianbhreith choimeádta é an pionós, is ionann lá amháin caillte saoirse, chun na costais a ríomh, agus luach 100 euro. [...]”

5        Sonraítear in Airteagal 26(1) den Lohn- und Sozialdumping-Bekämpfungsgesetz (an Dlí i gcoinne na pádhumpála agus na dumpála sóisialta, BGBl. I, 44/2016) (“LSD-BG”), sa leagan is infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí:

“Aon duine, mar fhostóir nó mar chuideachta soláthair foirne de réir bhrí Airteagal 19(1):

1.      nach ndéanann an dearbhú is gá, go háirithe maidir le hathruithe iardain ar na sonraí (dearbhú maidir le hathruithe) de shárú ar Airteagal 19, nó nach ndéanann é sin in am nó go hiomlán nó

[...]

3.      nach gcuireann na doiciméid riachtanacha ar fáil de shárú ar Airteagal 21(1) nó (2), nó nach gcuireann ar fáil láithreach do na húdaráis chánach iad [...] i bhfoirm leictreonach,

déanann sé cion riaracháin is féidir a phionósú le fíneáil a chinneann an t-údarás riaracháin dúiche ó 1 000 go 10 000 euro in aghaidh an oibrí lena mbaineann agus, má dhéantar an cion athuair, ó 2 000 go 20 000 euro.”

6        Foráiltear le hAirteagal 27(1), LSD-BG:

“Aon duine a mhainníonn na doiciméid riachtanacha a thíolacadh, de shárú ar Airteagal 12(1)(3), déanann sé cion riaracháin is féidir a phionósú le fíneáil a chinneann an t-údarás riaracháin dúiche ó 500 go 5 000 euro in aghaidh an oibrí lena mbaineann, agus, má dhéantar an cion athuair, ó 1 000 go 10 000 euro. [...]”

7        Foráiltear le hAirteagal 28 LSD-BG mar seo a leanas:

“Aon duine mar

1.      fhostóir a mhainníonn doiciméid tuarastail a chur ar fáil de shárú ar Airteagal 22(1) nó (1a), [...]

[...]

déanann sé cion riaracháin is féidir a phionósú le fíneáil a chinneann an t-údarás riaracháin dúiche ó 1 000 go 10 000 euro in aghaidh an oibrí lena mbaineann agus, má dhéantar an cion athuair, ó 2 000 go 20 000 euro, agus, i gcás go bhfuil níos mó ná triúr oibrithe i gceist, ó 2 000 go 20 000 euro in aghaidh an oibrí lena mbaineann agus, má dhéantar an cion athuair, ó 4 000 go 50 000 euro.”

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

8        Rinne CONVOI s. r. o., cuideachta atá bunaithe sa tSlóvaic, oibrithe fostaithe a phostú chuig Niedec Global Appliance Austria GmbH, atá bunaithe in Fürstenfeld (an Ostair).

9        Ar bhonn na dtorthaí a fuarthas le linn cigireacht a rinneadh an 24 Eanáir 2018, d’fhorchuir údarás riaracháin cheantar Hartberg‑Fürstenfeld, le cinneadh an 14 Meitheamh 2018, fíneáil 54 000 euro ar NE, ina cháil mar ionadaí do CONVOI, mar gheall ar neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí éagsúla dá bhforáiltear ag LSD‑BG a bhaineann, go háirithe, le dearbhú maidir le postú don údarás inniúil náisiúnta agus maidir le doiciméid tuarastail a choinneáil.

10      Thug NE caingean i gcoinne an chinnidh sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, Landesverwaltungsgericht Steiermark (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, Steiermark,, an Ostair).

11      Le cinneadh an 9 Deireadh Fómhair 2018, rinne an chúirt sin iarraidh ar réamhrialú a tharchur chuig an gCúirt a bhaineann le comhlíonadh dhlí an Aontais agus, go háirithe, le prionsabal chomhréireacht na bpionós amhail na cinn dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí.

12      Ina hordú an 19 Nollaig 2019, Bezirkshauptmannschaft HartbergFürstenfeld (C‑645/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:1108), chinn an Chúirt nach mór Airteagal 20 de Threoir 2014/67 a léirmhíniú sa chaoi is go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, i gcás neamhchomhlíonadh oibleagáidí i réimse dhlí an tsaothair a bhaineann le dearbhú fostaithe agus maidir le doiciméid tuarastail a choinneáil, go bhforchuirfear fíneálacha ar mhéid:

–        nach féidir a bheith níos lú ná méid réamhshainithe;

–        a fhorchuirtear go carnach i leith gach oibrí lena mbaineann agus gan uasteorainn, agus

–        a gcuirtear suas le 20 % dá méid leo mar ranníocaíocht le costais nós imeachta i gcás ina ndiúltaítear don achomharc arna thaisceadh i gcoinne an chinnidh lena bhforchuirtear iad.

13      Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, tar éis an ordaithe sin, nár leasaigh an reachtas náisiúnta an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí agus, ag cur san áireamh go háirithe na breithnithe a leagtar amach i mbreithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Link Logistik N&N (C‑384/17, EU:C:2018:810), chomh maith le difríochtaí a bheith ann idir cúirteanna na hOstaire maidir leis an mbealach ina bhfuil cásdlí na Cúirte sa réimse seo le cur i bhfeidhm, cuireann an chúirt amhras in iúl i dtaobh an féidir gan an reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm, agus más féidir, a mhéid is féidir sin.

14      Go háirithe, measann an chúirt go bhféadfadh na hiarmhairtí a bheadh uirthi a tharraingt ón ordú sin tabhairt uirthi gan gnéithe den reachtaíocht sin a chur i bhfeidhm lena gcuirtear cosc ar phionóis chomhréireacha a fhorchur, is é sin staonadh ó chóras na bpionós dá bhforáiltear sna rialacha céanna a chur i bhfeidhm ina iomláine.

15      Sa chomhthéacs sin, chinn Landesverwaltungsgericht Steiermark (Cúirt Réigiúnach Riaracháin, Steiermark) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt i gcomhair réamhrialú:

“(1)      An foráil den Treoir atá infheidhme go díreach é an ceanglas maidir le comhréireacht na bpionós a leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir [2014/67], mar a léirmhínítear é in [orduithe an 19 Nollaig 2019, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (C‑645/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:1108), agus an 19 Nollaig 2019, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (C‑140/19, C‑141/19 agus C‑492/19 go C‑494/19, nár foilsíodh, EU:C:2019:1103)]?

(2)      Sa chás go dtugtar freagra diúltach ar an gcéad cheist:

An gceadaítear agus an gceanglaítear le léirmhíniú ar dhlí na mBallstát atá i gcomhréir le dlí an Aontais, in éagmais forálacha nua arna nglacadh sa dlí náisiúnta, go ndéanfadh cúirteanna agus údaráis riaracháin na mBallstát na cionta faoin dlí náisiúnta is infheidhme sa chás seo a fhorlíonadh trí na critéir chomhréireachta arna leagan síos ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh sna horduithe [an 19 Nollaig 2019, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (C‑645/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:1108), agus an 19 Nollaig 2019, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (C‑140/19, C‑141/19 agus C‑492/19 go C‑494/19, nár foilsíodh, EU:C:2019:1103)]?”

 Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

 An chéad cheist

16      Leis an gcéad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil éifeacht dhíreach ag Airteagal 20 de Threoir 2014/67, a mhéid a éilíonn sé go mbeidh na pionóis dá bhforáiltear ann comhréireach, agus an féidir, dá bhrí sin, le daoine aonair é a agairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta i gcoinne Ballstát a rinne é a thrasuí go mícheart.

17      Is léir ó chásdlí socair na Cúirte go bhfuil daoine aonair, i ngach cás ina bhfuil forálacha treorach, ó thaobh a n-ábhair de, neamhchoinníollach agus sách beacht, i dteideal brath ar fhorálacha treorach os comhair na gcúirteanna náisiúnta i gcoinne an Stáit i gcás inar mhainnigh an Stát an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta in am, nó nuair atá sí trasuite go mícheart aige (breithiúnas an 6 Samhain 2018, Max-Planck-Gesellschaft zur Förderung der Wissenschaften, C‑684/16, EU:C:2018:874, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).

18      Shoiléirigh an Chúirt go bhfuil foráil de dhlí an Aontais, sa chéad áit, neamhchoinníollach i gcás ina leagtar amach oibleagáid léi nach bhfuil faoi réir aon choinníoll agus nach bhfuil, ina forghníomhú ná ina héifeachtaí, faoi réir idirghabháil aon ghnímh ó institiúidí an Aontais ná ó na Ballstáit agus, sa dara háit, atá sách beacht le bheith á hagairt ag dlíthí agus le bheith curtha i bhfeidhm ag an gcúirt nuair a leagtar amach oibleagáid léi i dtéarmaí gan athbhrí (breithiúnas an 14 Eanáir 2021, RTS infra v Aannemingsbedrijf Norré-Behaegel, C‑387/19, EU:C:2021:13, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

19      Rialaigh an Chúirt freisin, fiú má fhágann treoir corrlach breithmheasa leathan do na Ballstáit agus na rialacha mionsonraithe á nglacadh lena cur chun feidhme, go bhféadfaí a mheas gur de chineál neamhchoinníollach agus beacht í foráil na Treorach sin ós rud é go bhforchuirtear léi oibleagáid bheacht toraidh ar na Ballstáit, i dtéarmaí gan débhrí, agus nach bhfuil aon choinníoll ag gabháil léi maidir le cur i bhfeidhm na rialach a leagtar amach inti (breithiúnas an 14 Eanáir 2021, RTS infra v Aannemingsbedrijf Norré-Behaegel, C‑387/19, EU:C:2021:13, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).

20      Sa chás seo, is léir ón iarraidh ar réamhrialú go measann an chúirt a rinne an tarchur, i bhfianaise ordú an 19 Nollaig 2019, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (C‑645/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:1108), nár thrasuigh reachtas na hOstaire an ceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2014/67 i gceart, tríd an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí a ghlacadh.

21      Foráiltear leis an bhforáil sin go mbunóidh na Ballstáit rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach sin agus sonraítear nach mór na pionóis dá bhforáiltear amhlaidh a bheith comhréireach, go háirithe.

22      Ní mór a thabhairt faoi deara, ar dtús, go bhfuil an ceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear san fhoráil sin gan choinníoll.

23      Go deimhin, ar an gcéad dul síos, leagtar amach an ceanglas sin i ndearbhthéarmaí i bhfoclaíocht Airteagal 20 de Threoir 2014/67.

24      Ar an dara dul síos, leis an toirmeasc ar phionóis dhíréireacha a ghlacadh, arb é iarmhairt an cheanglais sin é, ní éilítear aon ghníomh de chuid institiúidí an Aontais agus ní chuirtear ar chumas na mBallstát leis an bhforáil sin ar dhóigh ar bith raon feidhme an toirmisc sin a chur faoi choinníollacha ná a shrianadh (féach, de réir analaí, breithiúnas an 15 Aibreán 2008, Impact, C‑268/06, EU:C:2008:223, mír 62).

25      Níl an imthoisc nach mór Airteagal 20 den Treoir seo a thrasuí, de chineál lena dtugtar faoi amhras nádúr neamhchoinníollach an cheanglais maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear san Airteagal sin.

26      Ní mór a lua freisin, i ndáil leis sin, go mbeadh sé d’éifeacht ag léirmhíniú ar dá réir a bheadh an gá atá leis an gceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Treoir sin a thrasuí de chineál a bhainfeadh a nádúr neamhchoinníollach de, go gcuirfí cosc ar na daoine aonair lena mbaineann an toirmeasc ar phionóis dhíréireacha a fhorchuirtear leis an gceanglas sin a agairt, i gcás inarb iomchuí. Bheadh sé ar neamhréir leis an nádúr ceangailteach a dheonaítear le hAirteagal 288 CFAE don Treoir a chur as an áireamh go bhféadfaidh, i bprionsabal, na daoine lena mbaineann toirmeasc den sórt sin a agairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Meitheamh 2019, Craeynest e.a., C‑723/17, EU:C:2019:533, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

27      Ar an dara dul síos, maidir leis an gceist an bhfuil Airteagal 20 de Threoir 2014/67 sách beacht, sa mhéid is go leagtar síos leis an ceanglas maidir le comhréireacht na bpionós, ní mór a thabhairt faoi deara, cé go bhfágann an fhoráil sin corrlach breithmheasa leathan do na Ballstáit chun na rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach sin a shainiú, tá corrlach breithmheasa leathan den sórt sin teoranta leis an toirmeasc a leagtar amach ar mhodh ginearálta agus i dtéarmaí gan débhrí den fhoráil sin lena gcuirtear cosc ar phionóis dhíréireacha.

28      Mar sin, ní mór do na Ballstáit ceanglas comhréireachta pionós den sórt sin a chur chun feidhme, ar aon nós, de bhun Airteagal 20 den Treoir sin agus ní hionann ann féin, corrlach breithmheasa leathan a bheith acu, sa chomhthéacs sin, agus a chur as an áireamh go mbeidh athbhreithniú breithiúnach le déanamh lena fhíorú ar sháraigh an Ballstát lena mbaineann na teorainneacha a leagadh síos don chorrlach breithmheasa leathan sin nuair a thrasuigh sé an fhoráil sin (féach, de réir analaí, breithiúnais an 24 Deireadh Fómhair 1996, Kraaijeveld e.a., C‑72/95, EU:C:1996:404, mír 59, agus an 26 Meitheamh 2019, Craeynest e.a., C‑723/17, EU:C:2019:533, mír 45).

29      Is léir ó na breithnithe sin, i gcodarsnacht leis an méid a bhí i mír 56 de bhreithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Link Logistik N&N (C‑384/17, EU:C:2018:810), go bhfuil an ceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Treoir sin neamhchoinníollach agus sách beacht chun gur féidir le duine aonair é a agairt agus gur féidir leis na húdaráis riaracháin agus na cúirteanna náisiúnta é a chur i bhfeidhm.

30      Go háirithe, i gcás ina sáraíonn Ballstát a chumhacht breithmheasa trí reachtaíocht náisiúnta a ghlacadh lena bhforáiltear do phionóis dhíréireacha i gcás sárú ar an reachtaíocht náisiúnta arna glacadh de bhun Threoir 2014/67, ní mór don duine lena mbaineann a bheith in ann an ceanglas maidir le comhréireacht na bpionós a leagtar amach in Airteagal 20 den Treoir sin a agairt go díreach i gcoinne reachtaíocht den sórt sin (féach, de réir analaí, breithiúnais an 28 Meitheamh 2007, JP Morgan Fleming Claverhouse Investment Trust v The Association of Investment Trust Companies, C‑363/05, EU:C:2007:391, mír 61, agus an 28 Samhain 2013, MDDP, C‑319/12, EU:C:2013:778, mír 51).

31      Thairis sin, ba cheart a choinneáil i gcuimhne go bhfuil comhlíonadh phrionsabal na comhréireachta, ar prionsabal ginearálta dhlí an Aontais é, ina cheangal ar na Ballstáit agus an dlí sin á chur chun feidhme acu, lena n-áirítear, in éagmais chomhchuibhiú reachtaíocht an Aontais i réimse na bpionós is infheidhme (féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Aibreán 2017, Farkas, C‑564/15, EU:C:2017:302, mír 59, agus an 27 Eanáir 2022, an Coimisiún v an Spáinn (Oibleagáid um thuairisciú i gcúrsaí cánach), C 788/19, EU:C:2022:55, mír 48]. Nuair a ghlacann na Ballstáit, i gcomhthéacs an chur chun feidhme sin, pionóis de chineál coiriúil go háirithe, ní mór dóibh Airteagal 49(3) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) a chomhlíonadh, ar dá réir nach bhféadfaidh déine na bpionós a bheith díréireach leis an gcion. Tá an prionsabal comhréireachta sin, nach ndéantar in Airteagal 20 de Threoir 2014/67 ach trácht air, ina cheangal.

32      I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é freagra na chéad cheiste ná go bhfuil éifeacht dhíreach ag Airteagal 20 de Threoir 2014/67, a mhéid a cheanglaítear leis go mbeidh na pionóis dá bhforáiltear ann comhréireach, agus go bhféadfaidh daoine aonair, dá bhrí sin, é a agairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta i gcoinne Ballstát a rinne é a thrasuí go mícheart.

 An dara ceist

33      Mar réamhphointe, ba chóir a thabhairt faoi deara, cé go gcuirtear an dara ceist go foirmiúil i gcás freagra diúltach ar an gcéad cheist, gur léir ón ordú tarchuir go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag iarraidh a fháil amach, leis an dara ceist, go ginearálta, i gcás go mbeadh sé dodhéanta di an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí a léirmhíniú ar bhealach atá i gcomhréir leis an gceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2014/67, an mbeadh sé de dhualgas ar an gcúirt an reachtaíocht sin ina hiomláine a fhágáil gan feidhm nó an bhféadfadh sí í a fhorlíonadh sa chaoi go ndéanfar pionóis chomhréireacha a fhorchur.

34      Ní foláir a mheas, dá bhrí sin, go bhfiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, lena dara ceist, go bunúsach, an gá prionsabal fhorlámhas dhlí an Aontais a léirmhíniú sa chaoi go gciallaíonn sé go leagtar oibleagáid leis ar údaráis náisiúnta gan reachtaíocht náisiúnta atá ar neamhréir leis an gceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2014/67 a chur i bhfeidhm nó an é go bhfágann sé nach ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta sin cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin a dhíbhe ach a mhéid is gá chun pionóis chomhréireacha a fhorchur.

35      Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, chun éifeachtacht fhorálacha uile dhlí Aontais a ráthú, go gceanglaítear le prionsabal an fhorlámhais, go háirithe, go ndéanfaidh cúirteanna náisiúnta léirmhíniú, a mhéid is féidir, ar a ndlí náisiúnta ar shlí atá i gcomhréir le dlí an Aontais (breithiúnas an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C‑573/17, EU:C:2019:530, mír 57).

36      Tá teorainneacha áirithe leis an oibleagáid an dlí náisiúnta a léirmhíniú go comhsheasmhach, áfach, agus ní féidir léi, go háirithe, feidhmiú mar bhonn do léirmhíniú contra legem ar an dlí náisiúnta (breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Sumal, C‑882/19, EU:C:2021:800, mír 72 agus an cásdlí dá dtagraítear).

37      Ba cheart a chur in iúl freisin go bhforchuirtear le prionsabal an fhorlámhais ar an gcúirt náisiúnta atá freagrach, faoi chuimsiú a dlínse, as forálacha dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, mura féidir léi rialacha an dlí náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, lánéifeacht cheanglais an dlí sin sa díospóid atá os a comhair a áirithiú trí aon riail nó cleachtas náisiúnta a chur ar leataobh, más gá, ar a húdarás féin, fiú ina dhiaidh sin, atá ar neamhréir le foráil de chuid dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach aici, gan gá lena iarraidh go ndéanfar an riail nó an cleachtas náisiúnta sin a dhíothú trí phróiseas reachtach nó bunreachtúil eile, ná le fanacht ar an méid sin (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C‑573/17, EU:C:2019:530, míreanna 58 agus 61, agus an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion e.a., C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, mír 252).

38      Mar is léir ón scrúdú ar an gcéad cheist, tá an ceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2014/67 i gcomhréir leis na coinníollacha is gá chun éifeacht dhíreach a bheith acu.

39      Dá bhrí sin, i gcás ina ndéanfaidh duine aonair an ceanglas sin a agairt os comhair cúirt náisiúnta i gcoinne Ballstát a rinne é a thrasuí go mícheart, is faoin gcúirt sin a bheidh sé a áirithiú go bhfuil sé lánéifeachtach agus, mura féidir na rialacha náisiúnta a léirmhíniú i gcomhréir leis an gceanglas sin, gan forálacha náisiúnta atá ar neamhréir leis a chur i bhfeidhm, ar a húdarás féin.

40      Sa chás seo, is léir ó mhíreanna 32 go 41 d’ordú an 19 Nollaig 2019, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (C‑645/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:1108), cé go bhfuil reachtaíocht náisiúnta amhail an dlí atá i gceist sna príomhimeachtaí iomchuí chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú a bhaint amach, téann sé thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach mar gheall ar a saintréithe éagsúla, i dteannta a chéile, go háirithe gur féidir sraith fíneálacha gan teorainn a fhorchur nach féidir a bheith níos ísle ná méid réamhshainithe.

41      Tá sé tábhachtach a lua, áfach, nach gá go bhfuil tréithe den sórt sin, ar bhonn aonair, ar neamhréir leis an riachtanas sin. Mar sin, chinn an Chúirt, i mír 35 den ordú sin, nach ndealraítear go bhfuil rialacha lena bhforáiltear do phionóis airgid, a bhfuil a méid éagsúil de réir líon na n‑oibrithe lena mbaineann neamhchomhlíonadh oibleagáidí áirithe de chuid dhlí an tsaothair, díréireach iontu féin.

42      Chun lánéifeachtacht an cheanglais maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2014/67 a áirithiú, is faoin gcúirt náisiúnta, dá bhrí sin, a éistfidh achomharc i gcoinne pionós arna fhorchur ar bhonn an chórais náisiúnta is infheidhme i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach sin atá sé, gan an chuid den reachtaíocht náisiúnta as a dtagann nádúr díréireach na bpionós a chur i bhfeidhm, ionas go bhforchuirfear pionóis chomhréireacha, atá fós éifeachtach agus athchomhairleach ag an am céanna.

43      Go deimhin, agus mar a luaitear i mír 40 den bhreithiúnas seo, cé gur chinn an Chúirt nach raibh nósanna imeachta áirithe chun méid na bhfíneálacha ó LSD-BG a shocrú ag luí le hAirteagal 20 de Threoir 2014/67, níor chaith sí amhras, áfach, ar an bprionsabal, dá bhforáiltear leis an bhforáil chéanna sin, ar dá réir ba cheart sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach sin a chur faoi phionós, agus béim á cur aici, i mír 32 d’ordú an 19 Nollaig 2019, Bezirkshauptmannschaft Hartberg-Fürstenfeld (C‑645/18, nár foilsíodh, EU:C:2019:1108), go raibh an reachtaíocht náisiúnta i gceist iomchuí chun na cuspóirí arna saothrú leis an Treoir sin a bhaint amach.

44      Mar sin, i gcúinsí den sórt sin, d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán an ceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 den Treoir chéanna, is leor gan na forálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm a mhéid a chuirtear bac leo ar phionóis chomhréireacha a fhorchur, chun a áirithiú go gcomhlíonann na pionóis a fhorchuirtear ar an duine lena mbaineann an ceanglas sin.

45      Tá sé tábhachtach freisin a shonrú, i bhfianaise na himní a chuir Rialtas na Seice agus Rialtas na Polainne in iúl, nach dtugtar prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, dhlíthiúlacht na gcionta agus na bpionós agus an chóir chomhionann faoi cheist trí léirmhíniú den sórt sin.

46      Ar an gcéad dul síos, maidir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, éilíonn sé seo, go háirithe, go mbeidh rialacha soiléir agus beacht, ionas gur féidir le dlíthithe a bheith eolach ar a gcearta agus a n-oibleagáidí gan débhrí agus gníomhú dá réir (breithiúnas an 28 Márta 2017, Rosneft, C‑72/15, EU:C:2017:236, mír 161 agus an cásdlí dá dtagraítear).

47      Tugtar le tuiscint leis an bprionsabal maidir le dlíthiúlacht na gcionta agus na bpionós, atá cumhdaithe in Airteagal 49(1) den Chairt agus atá, de réir chásdlí na Cúirte, ina léiriú ar leith ar phrionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla, go háirithe, nach mór a shainmhíniú go soiléir sa dlí na cionta agus na pionóis ina leith (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Márta 2017, Rosneft, C‑72/15, EU:C:2017:236, mír 162 agus an cásdlí dá dtagraítear).

48      Ina theannta sin, cé go gcuirtear cosc le prionsabal neamh‑aisghníomhaíochta an dlí choiriúil, atá ina dhlúthchuid den phrionsabal maidir le dlíthiúlacht na gcionta agus na bpionós, go sonrach ar bhreitheamh a bheith in ann, le linn imeachtaí coiriúla, na rialacha maidir le dliteanas coiriúil na ndaoine sin lena mbaineann na himeachtaí den sórt sin a ghéarú (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. v M.B., C‑42/17, EU:C:2017:936, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear), ar an lámh eile, ní chuirtear cosc leis ar phionós níos éadroime a fhorchur ar an duine lena mbaineann.

49      Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta maidir le pionóis atá i gceist sna príomhimeachtaí, i réimse dhlí an tsaothair, sáruithe a bhaineann le neamhchomhlíonadh na n‑oibleagáidí a bhaineann le dearbhú maidir le postú agus taifid tuarastail a choinneáil agus foráiltear leis do phionóis i leith sáruithe den sórt sin.

50      I gcomhthéacs den sórt sin, níl d’éifeacht ag comhlíonadh cheanglais na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 20 de Threoir 2014/67 ach go dtabharfar ar an gcúirt sin déine na bpionós a fhéadfar a fhorchur a mhaolú.

51      I gcás den sórt atá i gceist sna príomhimeachtaí, ina mbeidh an pionós a fhorchuirtear níos éadroime ná an pionós dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme, mar gheall ar neamhfheidhmiú páirteach na reachtaíochta sin ar bhonn an cheanglais sin, ní féidir an imthoisc sin a mheas mar ní atá ar neamhréir le prionsabail na deimhneachta dlíthiúla, dhlíthiúlacht na gcionta agus na bpionós ná le neamh-aisghníomhaíocht an dlí choiriúil.

52      Ar aon chuma, cé go bhféadfar, chun comhlíonadh an cheanglais maidir le comhréireacht na bpionós is infheidhme i gcás sárú ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Threoir 2014/67 a áirithiú, a thabhairt ar údarás náisiúnta, nuair a fhorchuirtear pionós den chineál sin, gan gnéithe áirithe den reachtaíocht náisiúnta a bhaineann leis na pionóis sin a chur i bhfeidhm, fanfaidh an pionós arna ghlacadh amhlaidh fós i bhfeidhm sa reachtaíocht sin.

53      Dá bhrí sin, fiú ag glacadh leis go gcaithfidh go gcruthófar débhríocht éigin, nuair nach mór d’údarás náisiúnta gan cuid den reachtaíocht náisiúnta chéanna a chur i bhfeidhm, maidir leis na rialacha dlí is infheidhme maidir leis na sáruithe sin, ní dhéanann an méid sin difear do phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla agus dhlíthiúlacht na gcionta agus na bpionós.

54      Ar an dara dul síos, mar is léir ó chásdlí socair na Cúirte, is prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais é an comhionannas os comhair an dlí, a leagtar amach in Airteagal 20 den Chairt, lena n-éilítear nach gcaitear go héagsúil le cásanna inchomparáide agus nach gcaitear go cothrom le cásanna éagsúla, mura rud é go bhfuil údar oibiachtúil ag baint le hidirdhealú a dhéanamh [breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Rialtas na Beilge (Ceart fanachta i gcás foréigean baile), C‑930/19, EU:C:2021:657, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear].

55      Ní mór an ceanglas a bhaineann le hinchomparáideacht na gcásanna, chun a chinneadh an bhfuil sárú ar phrionsabal na córa comhionainne ann, a mheasúnú i bhfianaise na ngnéithe ar fad ar tréithe den staid sin iad [breithiúnas an 2 Meán Fómhair 2021, Rialtas na Beilge (Ceart fanachta i gcás foréigean baile), C‑930/19, EU:C:2021:657, mír 58 agus an cásdlí dá dtagraítear].

56      Ós rud é go gcuirtear teorainn ar na pionóis nach mór do na húdaráis náisiúnta ar fad atá freagrach as an gceanglas sin a chur i bhfeidhm faoi chuimsiú a gcumhachtaí a urramú, leis an gceanglas comhréireachta dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2014/67, agus cead ag na húdaráis sin pionóis éagsúla a fhorchur ag brath ar thromchúis an tsáraithe ar bhonn na reachtaíochta náisiúnta is infheidhme, ní féidir a mheas go sáraíonn ceanglas den sórt sin prionsabal na córa comhionainne.

57      Ag féachaint do na breithnithe go léir roimhe seo, ní mór a thabhairt mar fhreagra ar an dara ceist nach mór prionsabal fhorlámhas dhlí an Aontais a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go bhforchuirtear oibleagáid leis ar na húdaráis náisiúnta reachtaíocht náisiúnta, a bhfuil cuid di ar neamhréir leis an gceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2014/67, a fhágáil gan feidhm, a mhéid is gá chun pionóis chomhréireacha a fhorchur, agus a mhéid sin amháin.

 Costais

58      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Tá éifeacht dhíreach ag Airteagal 20 de Threoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forghníomhú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí chóras faisnéise an mhargaidh inmheánaigh (“Rialachán FMI”), a mhéid a cheanglaítear leis na pionóis dá bhforáiltear ann a bheith comhréireach, agus, féadfaidh daoine aonair, dá bhrí sin, é a agairt os comhair na gcúirteanna náisiúnta i gcoinne Ballstát a rinne é a thrasuí go mícheart.

2.      Ní mór prionsabal fhorlámhas dhlí an Aontais a léirmhíniú mar ní a chiallaíonn go bhforchuirtear oibleagáid leis ar na húdaráis náisiúnta reachtaíocht náisiúnta, a bhfuil cuid di ar neamhréir leis an gceanglas maidir le comhréireacht na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Threoir 2014/67, a fhágáil gan feidhm a mhéid is gá chun pionóis chomhréireacha a fhorchur, agus a mhéid sin amháin.

Sínithe:


*      Teanga an cháis: an Ghearmáinis.