Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesgerichtshof (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Márta 2023 - Sony Computer Entertainment Europe Ltd v Datel Design and Development Ltd, Datel Direct Ltd, JS
(Cás C-159/23, Sony Computer Entertainment Europe)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesgerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir agus achomharcóir ar phointe dlí: Sony Computer Entertainment Europe Ltd
Cosantóirí agus freagróirí ar phointe dlí: Datel Design and Development Ltd, Datel Direct Ltd, JS
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An sáraítear an chosaint a thugtar do ríomhchlár faoi Airteagal 1(1) go (3) de Threoir 2009/24/CE 1 nuair nach é an cód aidhme ná cód foinseach ríomhchláir, ná a atáirgeadh, a athraítear, ach go n-athraíonn ríomhchlár eile a ritear ag an am céanna leis an ríomhchlár cosanta inneachar athróg a d’aistrigh an ríomhchlár cosanta chuig an gcuimhne fheidhmiúil agus go n-úsáideann sé sin agus an ríomhchlár á rith?
An bhfuil athrú de réir bhrí Airteagal 4(1)(b) de Threoir 2009/24 i gceist nuair nach é an cód aidhme ná cód foinseach ríomhchláir, ná a atáirgeadh, a athraítear, ach go n-athraíonn ríomhchlár eile a ritear ag an am céanna leis an ríomhchlár cosanta inneachar athróg a d’aistrigh an ríomhchlár cosanta chuig an gcuimhne fheidhmiúil agus go n-úsáideann sé sin agus an ríomhchlár á rith?
____________
1 Treoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí na gclár ríomhaireachta (leagan códaithe) (IO 2009 L 111, lch. 16).