Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 30 Meitheamh 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de Castilla y León – an Spáinn) – Clemente v Comunidad de Castilla y León (Dirección General de la Función Pública)

(Cás C-192/21)1

(Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 1999/70/CE – Comhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP – Clásal 4(1) – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe – Mainneachtain na seirbhísí arna soláthar ag gníomhaire sealadach, atá anois ina bhuan-státseirbhíseach, a chur san áireamh chun críche a ghrád pearsanta a chomhdhlúthú – Comhshamhlú na seirbhísí sin leo siúd a sholáthraíonn státseirbhíseach gairme – Coincheap “forais oibiachtúla” – An tréimhse seirbhíse á cur san áireamh chun stádas státseirbhíseach gairmea fháil – Struchtúr dul chun cinn ingearach na státseirbhísigh gairme faoin reachtaíocht náisiúnta)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal Superior de Justicia de Castilla y León

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Clemente

Cosantóir: Comunidad de Castilla y León (Dirección General de la Función Pública)

An chuid oibríochtúil

Le clásal 4(1) den Chomhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe, arna thabhairt i gcrích an 18 Márta 1999, atá i gceangal le Treoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag ETUC, UNICE agus CEEP, cuirtear bac ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforáiltear, chun críocha grád pearsanta a chomhdhlúthú, nach gcuirtear seirbhísí a sholáthar buan-státseirbhíseach mar ghníomhaire sealadach san áireamh sular bhain sé nó sí stádas mar státseirbhíseach gairme amach.

____________

1 IO C 263, 05.07.2021