Breithiúnas na Cúirte (an Séú Dlísheomra) an 27 Aibreán 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesarbeitsgericht - an Ghearmáin) – FI v Bayerische Motoren Werke AG
(Cás C-192/22, 1 Bayerische Motoren Werke)
(Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 2003/88/CE – Airteagal 7(1) – Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Ceart chun saoire bliantúla le pá – An ceart sin imithe i léig – Scéim chun dul ar luathscor de réir a chéile – Laethanta saoire bliantúla a fuarthas faoin scéim sin ach nach bhfuil glactha go fóill – Éagumas chun oibre)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesarbeitsgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: FI
Cosantóir: Bayerische Motoren Werke AG
An chuid oibríochtúil
Ní mór Airteagal 7 de Threoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre arna léamh i bhfianaise Airteagal 31(2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú sa chaoi go gcoisceann riail an dlí náisiúnta lena bhforáiltear go rachaidh an ceart chun saoire bhliantúil le pá arna fháil ag oibrí, mar gheall ar a chuid oibre nó a cuid oibre i gcomhthéacs scéime chun dul ar luathscor de réir a chéile, as feidhm ag deireadh an bhliain saoire nó ar dháta níos déanaí, i gcás inar cuireadh cosc ar an oibrí an tsaoire sin a ghlacadh roimh chéim na saortha ón obair mar gheall ar bhreoiteacht, fiú nuair nach asláithreacht fhadtéarmach í.
____________
1 IO C 222, 7.6.2022.