Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Juzgado Contencioso-Administrativo nº 5 de Barcelona (an Spáinn) a taisceadh an 6 Feabhra 2023 – Sagrario agus páirtithe eile v Subdelegación del Gobierno en Barcelona

(Cás C-63/23, Sagrario)

Teanga an cháis: an Spáinnis

An chúirt a rinne an tarchur

Juzgado Contencioso-Administrativo nº 5 de Barcelona

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Sagrario, Joaquín, Prudencio

Cosantóir: Subdelegación del Gobierno en Barcelona

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gcumhdaítear go huathoibríoch le hAirteagail 15(3) in fine agus 17 [de] Threoir Uimh. [2003/86/CE], 1 ar labhairt ar “imthosca atá an-deacair”, na himthosca ar fad lena ndéantar difear do mhionaoiseach agus/nó na himthosca atá ar aon dul le hAirteagal 15?

An bhfuil reachtaíocht stáit nach bhforáiltear léi do chead cónaithe uathrialach a dheonú, lena ráthaítear nach mbeadh daoine muinteartha athaontaithe ina gcónaí go neamhdhleathach ó thaobh an riaracháin de i gcás ina dtarlaíonn na himthosca an-deacra sin i gcomhréir le hAirteagal 15(3) in fine agus 17 [den] Treoir?

An bhféadfaí léiriú a dhéanamh ar Airteagail 15(3) in fine agus 17 [den] Treoir amhail go dtugtar an ceart chun cead cónaithe uathrialach leo i gcás, ar chúiseanna nach bhfuil aon neart aige orthu, nach bhfuil cead cónaithe ag an teaghlach athaontaithe?

An bhfuil reachtaíocht stáit nach bhforáiltear léi, sula ndiúltaítear athnuachan a dhéanamh ar chónaí daoine muinteartha athaontaithe, do mheasúnú riachtanach agus éigeantach a dhéanamh ar imthosca Airteagal 17 den Treoir i gcomhréir le hAirteagail 15(3) agus 17 [den] Treoir?

An bhfuil reachtaíocht náisiúnta nach bhforáiltear léi, mar chéim ghnásúil sula ndiúltaítear do, nó sula ndéantar athnuachan ar chead cónaithe an duine athaontaithe, do chéim ghnásúil éisteachta ar leith le haghaidh mionaoisigh i gcás inar diúltaíodh do chead cónaithe an urraitheora, nó inar diúltaíodh athnuachan a dhéanamh air i gcomhréir le hAirteagail 15(3) agus 17 [den] Treoir mar aon le hAirteagail 6(1), 8(1) agus 8(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Airteagail 47, 24, 7 agus 33(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

An bhfuil reachtaíocht náisiúnta nach bhforáiltear léi, mar chéim ghnásúil sula ndiúltaítear do, nó sula ndéantar athnuachan ar chead cónaithe céile, i gcás inar diúltaíodh do, nó inar diúltaíodh athnuachan a dhéanamh ar chead cónaithe an urraitheora, go bhféadfadh an céile na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 17 den Treoir a agairt d’fhonn a iarraidh go ndeonófaí an rogha dó fanacht ina chónaitheoir gan briseadh i ndáil lena chúinsí cónaithe roimhe seo i gcomhréir le hAirteagail 15(3) agus 17 [den] Treoir mar aon le hAirteagail 6(1), 8(1) agus 8(2) den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Airteagail 47, 24, 7 agus 33(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh?

____________

1 Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le ceart chun athaontú teaghlaigh (IO 2003 L 251, lch. 12.).