Caingean arna tabhairt an 9 Meán Fómhair 2022 – Noah Clothing v EUIPO – Noah (NOAH)
(Cás T-562/22)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Noah Clothing LLC (Nua-Eabhrac, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaí: W. Leppink, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Yannick Noah (Feucherolles, an Fhrainc)Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: an páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “NOAH” – Iarratas ar chlárú Uimh. 5 620 968
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gcéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 12 Iúil 2022 i gCás R 504/2021-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a mhéid a ndiúltaítear leis don iarratas ar dhearbhú cúlghairme maidir leis na hearraí “léinte póló” agus “geansaithe” in Aicme 25;
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní, a mhéid a dhíbhtear an crosachomharc leis;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
– Sárú ar Airteagal 95(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 19(1), an 3ú habairt, agus Airteagal 10(7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún agus le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint;
– Sárú ar Airteagal 58(1)(a) agus ar Airteagal 18(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
– Sárú ar Airteagal 58(1)(a) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcrosachomharc arna chomhdú ag an iarratasóir os comhair an Bhoird Achomhairc.
____________