Iarraidh ar réamhrialú ó Juzgado de Primera Instancia nº 8 de La Coruña (an Spáinn) a taisceadh an 26 Márta 2024 – Abanca Corporación Bancaria, SA v VX
(Cás C-231/24, Abanca Corporación Bancaria)
Teanga an cháis: an Spáinnis
An chúirt a rinne an tarchur
Juzgado de Primera Instancia nº 8 de La Coruña
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Abanca Corporación Bancaria, SA
Cosantóir: VX
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil clásal luathfhoirceanta lena bhforáiltear don fhéidearthacht é a chur ó fheidhm nó a sheachaint laistigh de thréimhse ama arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 3(1) agus Airteagal 7 de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagothroma i gconarthaí tomhaltóra, 1 nó an gá a leithéid d’fhéidearthacht a aithint le riail náisiúnta ar leith; agus
Má thugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo, céard is tréimhse ama réasúnta ann?
____________
1 IO 1993 L 95, lch. 29