Achomharc arna thabhairt an 1 Márta 2024 ag OmniActive Health Technologies Ltd i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a fógraíodh an 20 Nollaig 2023 i gCásanna Uamtha T-221/22 agus T-242/22, Pharmaselect International agus OmniActive Health Technologies v OmniActive Health Technologies agus Pharmaselect International (LUTAMAX)
(Cás C-165/24 P)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóir: OmniActive Health Technologies Ltd (ionadaithe: M. Hawkins, abogado, agus C. Zimmer agus T. Dolde, Rechtsanwälte)
Páirtithe eile sna himeachtaí: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO), Pharmaselect International Beteiligungs GmbH
Le hordú an 14 Meitheamh 2024, chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Dlísheomra a chinneann ar chóir ligean d’achomhairc dul ar aghaidh) nár cheart ligean don achomharc dul ar aghaidh agus d’ordaigh sí do OmniActive Health Technologies Ltd a chostais féin a íoc.
____________