Language of document :

Caingean arna tabhairt an 8 Márta 2024  – CU v SEGS

(Cás T-145/24)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: CU (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh an Stíúrthóra Buiséid agus um Acmhainní Daonna an 5 Bealtaine 2023 lena ndiúltaítear dá iarraidh ar chúnamh a taisceadh an 18 Feabhra 2021 faoi Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne a chur ar neamhní;

a ordú don chosantóir cúiteamh a thabhairt don iarratasóir don díobháil shíceolaíoch ar de thoradh ar a mí-iompar iad arna socrú ex aequo et bono ag níos mó ná EUR 25 000;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an tréimhse réasúnta ama, an dualgas cúnamh a chur ar fáil, prionsabal an dea-riaracháin mar thoradh ar fhad an imscrúdaithe, an t-am a thógann sé an iarraidh ar chúnamh a phróiseáil, ach freisin an mhainneachtain déileáil leis an ngearán a cuireadh isteach i gcoinne an chinnidh a bhfuil drochthionchar aige ar an iarratasóir, rud a thugann údar le cúiteamh a íoc.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart éisteacht a fháil go héifeachtach agus go húsáideach, an easpa neamhchlaontachta agus sárú ar an gceart chun nós imeachta cothrom agus ar an gceart tairbhe a bhaint as imscrúdú inchoiritheach agus dhíchoiritheach iomlán.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe ar na líomhaintí a ardaíodh, ar choincheap an chiaptha agus ar an méid ba cheart a mheas mar iompar míchuí ach freisin ar na freagrachtaí aonair agus comhchoiteanna lena mbaineann.

____________