Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 20 Márta 2024 – Acampora agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás T-261/23)1

(Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Doiciméid a bhaineann le himeachtaí um shárú arna dtionscnamh ag an gCoimisiún i gcoinne na hIodáile – Diúltú rochtain a dheonú – Eisceacht a bhaineann le cosaint chuspóir na gcigireachtaí, na n-imscrúduithe agus na n-iniúchtaí – Oibleagáid chun cúiseanna a lua – Toimhde ghinearálta rúndachta – Leas an phobail a shárú)

Teanga an cháis: an Iodáilis

Páirtithe

Iarratasóirí: Roberto Acampora (Napoli, an Iodáil) agus an 171 iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an mBreithiúnas (ionadaí: E. Iorio, Dlíodóir)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Burón Pérez agus A. Spina, Gníomhaire)

Ábhar

Trína gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go ndéanfaí Cinneadh C(2023) 3436 ón gCoimisiún an 21 Bealtaine 2023 a chur ar neamhní, lena ndiúltaítear go sainráite a n-iarratas ar rochtain (GestDem 2023/0263) ar litir bhreise fógra fhoirmiúil an 15 Iúil 2022 a seoladh chuig Poblacht na hIodáile i nós imeachta um shárú 2016/4081, maidir le comhoiriúnacht na reachtaíochta náisiúnta lena rialaítear an tseirbhís a sholáthraíonn giúistísí oinigh le dlí an Aontais Eorpaigh, agus freagra ó Phoblacht na hIodáile an 15 Nollaig 2022.

An chuid oibríochtúil

Dearbhaítear nach gá a thuilleadh rialú a thabhairt ar an éileamh go ndéanfaí cinneadh intuigthe ón gCoimisiún Eorpach an 15 Márta 2023 lena ndiúltaítear don iarratas daingniúcháin ar rochtain a chur ar neamhní;

Diúltaítear don chaingean toisc í a bheith neamh-inghlactha sa mhéid go n-iarrtar léi cinneadh ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2023 lena ndiúltaítear don iarraidh tosaigh ar rochtain a chur ar neamhní;

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear don Choimisiún a chostais féin a íoc agus costais Roberto Acampora agus na n-iarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach san iarscríbhinn a bhaineann leis an iarratas agus leis an iarratas ar dhearbhú a íoc nach gá rialú a thabhairt air;

Ordaítear do Acampora agus do na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha leagtha amach san iarscríbhinn a gcostais féin a íoc agus costais an Choimisiúin a bhaineann leis an iarratas ar mhodhnú an iarratais a íoc.

____________

1     IO C 261, 24.7.2023.