Language of document :

Caingean arna tabhairt an 1 Márta 2024 – WebGroup Czech Republic v an Coimisiún

(Cás T-139/24)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: WebGroup Czech Republic, a.s. (Prág, Poblacht na Seice) (ionadaithe: M. Pinto de Lemos Fermiano Rato agus A. Kontosakou, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh C(2023) 8850 final ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2023 lena n-ainmnítear XVideos mar ardán an-mhór ar líne i gcomhréir le hAirteagal 33(4) de Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 (‘an cinneadh atá faoi chonspóid’) a neamhniú go páirteach a mhéid a fhorchuirtear ar an iarratasóir an oibleagáid faoi Airteagal 39(1) de Rialachán 2022/2065 lena gceanglaítear ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne a thaispeánann fógráin ar a gcomhéadain ar líne stór ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 39(2) a chur ar fáil go poiblí ar roinn ar leith dá gcomhéadan ar líne, trí uirlis inchuardaithe agus iontaofa lena gceadaítear ceisteanna ilchritéir agus trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, ar feadh na tréimhse iomláine a gcuireann siad fógrán ar taispeáint lena linn agus go ceann bliana tar éis an dáta a cuireadh an fógrán ar taispeáint den uair dheiridh ar a gcomhéadain ar líne; agus

neamh-infheidhmeacht pháirteach Airteagal 39 de Rialachán 2022/2065 a dhearbhú a mhéid a fhorchuirtear ar an iarratasóir an oibleagáid faoi Airteagal 39(1) de Rialachán 2022/2065 lena gceanglaítear ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne a thaispeánann fógráin ar a gcomhéadain ar líne stór ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 39(2) a chur ar fáil go poiblí ar roinn ar leith dá gcomhéadan ar líne, trí uirlis inchuardaithe agus iontaofa lena gceadaítear ceisteanna ilchritéir agus trí chomhéadain ríomhchláraithe feidhmchlár, ar feadh na tréimhse iomláine a gcuireann siad fógrán ar taispeáint lena linn agus go ceann bliana tar éis an dáta a cuireadh an fógrán ar taispeáint den uair dheiridh ar a gcomhéadain ar líne; agus

a ordú don Choimisiún na costais a íoc.

Saincheist dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir an tsaincheist dlí seo a leanas.

Saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an oibleagáid a fhorchuirtear ar an iarratasóir faoi Airteagal 39(1) de Rialachán 2022/2065 stór ina bhfuil ar a laghad an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 39(2) a chur ar fáil go poiblí neamhdhleathach sa mhéid go sáraíonn sé ceart chun rúndachta an iarratasóra agus a fhógróirí agus ceart bunúsach an iarratasóra chun gnó a sheoladh [Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’)] agus a cheart chun maoine (Airteagal 17 den Chairt).

____________

1 Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO 2022 L 277, lch. 1).